Séanadh: léiríonn an suíomh an staid mar a bhí an 15/03/2013 agus bíonn nuashonrú leanúnach ar siúl. Tá an t eolas is déanaí ar fáil faoi https://ec.europa.eu/environment/forests/timber_regulation.htm

Cosán nascleanúna

Cad atá sa dlí?

Faoin Rialachán Adhmaid (EUTR - Rialachán (AE) Uimh. 995/2010), níl cead adhmad a baineadh go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid atá déanta d’adhmad den sórt sin a chur ar mhargadh an AE. Baineann an Rialachán le hadhmad agus le táirgí adhmaid a chuirtear ar mhargadh an AE den chéad uair. Cuireann sé i gcoinne trádála a dhéanamh in adhmad a baineadh go neamhdhleathach agus i dtáirgí atá déanta d’adhmad dá leithéid trí thrí chinn d’oibleagáidí tábhachtacha a chur ar thrádálaithe:

  1. Níl cead adhmad a baineadh go neamhdhleathach ná táirgí adhmaid atá déanta dá leithéid d’adhmad a chur ar mhargadh an AE den chéad uair.
  2. Ní mór d’oibreoirí san AE, is é sin, iad siúd a chuireann táirgí adhmaid ar mhargadh an AE den chéad uair, ‘dícheallacht chuí’ a chleachtadh
  3. Ní mór dothrádálaithe, is é sin, iad siúd a cheannaíonn nó a dhíolann adhmad agus táirgí adhmaid atá ar an margadh cheana, eolas a choinneáil ar a gcuid soláthraithe agus custaiméirí chun gur féidir an t-adhmad a rianú siar go héasca.

Cad atá san áireamh faoin reachtaíocht?

Baineann an reachtaíocht le hadhmad agus le táirgí adhmaid a rinneadh san AE agus leo siúd a allmhairítear ó thíortha lasmuigh de araon. Má tá ceadúnas FLEGT (Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) nó cead CITES (Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis i mbaol) ag an adhmad nó ag táirgí adhmaid tá riachtanais an rialacháin á gcomhlíonadh aige nó acu.

Baineann an reachtaíocht le réimse leathan adhmaid agus táirgí adhmaid. Ní bhaineann sí le gach saghas adhmaid ná le gach aon táirge adhmaid, áfach.Tá liosta cuimsitheach de na táirgí a mbaineann an dlí leo ar fáil anseo

Adhmad agus táirgí adhmaid faoi mhar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle [1], a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo

  • 4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chipíní, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail
  • 4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh
  • 4406 Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad
  • 4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntaithe, de thiús is mó ná 6 mm
  • 4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntaithe, de thiús nach mó ná 6 mm
  • 4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntaithe, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntaithe
  • 4410 Cáithnínchlár, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile
  • 4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile
  • 4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann curtha orthu agus adhmad lannaithe den chineál céanna
  • 44130000 Adhmad dlúthaithe, i mbloic, i bplátaí, i stiallacha nó i gcruthanna próifíle
  • 441400 Frámaí adhmaid do phictiúir, do ghrianghraif, do scátháin nó d’earraí den chineál céanna
  • 4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad
  • (Nach ábhar pacála a úsáidtear go heisiatach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.)
  • 44160000 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir
  • 4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna
  • Laíon agus páipéar i gCaibidil 47 agus i gCaibidil 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí atá déanta as bambú agus táirgí (fuíoll agus dramh) aisghafa
  • 940330, 940340, 94035000, 940360 agus 94039030 Troscán adhmaid
  • 94060020 Foirgnimh réamhdhéanta

[1] Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).

Cad iad na táirgí nach mbaineann an Rialachán leo?

Tabhair do d’aire nach liosta uileghabhálach an liosta thíos.

  • Táirgí athchúrsáilte;
  • Páipéar priontáilte cosúil le leabhair, irisí agus páipéir nuachta;
  • Ábhar pacáistithe a bhfuil earraí istigh ann agus nach n-úsáidtear ach amháin chun a bheith mar thaca le táirge eile, chun é a chosaint nó a iompar;
  • Táirgí áirithe atá déanta de bhambú nó de ratán;
  • Adhmad a cheannaíonn nó a dhíolann daoine go príobháideach dá n-úsáid phearsanta féin;
  • Táirgí eile nach bhfuil san áireamh san Iarscríbhinn*

* Ba chóir d’allmhaireoirí an Ainmníocht Chomhcheangailte a bhreathnú atá leagtha amach in Iarscríbhinn I de Rialachán ón gComhairle (CCE) Uimh. 2658/87 chun a fháil amach cé acu an mbaineann nó nach mbaineann an Rialachán le táirge áirithe