Tuilleadh eolais
Sainmhínithe
Is é is brí lehadhmad agus táirgí adhmaid náan t-adhmad agus na táirgí adhmaid a shonraítear san Iarscríbhinn,ach amháin táirgí adhmaid nó comhpháirteanna de tháirgí dá sórt a dhéantar as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré caite agus a chuirfí de láimh mar dhramhaílmurach sin, de réir mar atá sonraithe in Alt 3(1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl.
Is é is brí le cur ar an margadh ná adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar shlí ar bith ar an margadh inmheánach den chéad uair, gan spleáchas don teicníocht díolacháin a úsáidtear, chun é nó iad a dháileadh nó a úsáid i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce. Ina theannta sin folaíonn sé soláthar trí chianchumarsáid de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí. Maidir le táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad nó ó tháirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a sholáthar ar an margadh inmheánach, ní hionann an soláthar sin agus ‘cur ar an margadh’.
Is é is brí le hoibreoir ná aon duine nádúrtha nódlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh.
Is é is brí le trádálaí ná aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann adhmad nó táirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a dhíol nó a cheannach ar an margadh inmheánach i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála.
Is é is brí le tír na lománaíochta ná an tír nó an chríoch inar lománaíodh an t-adhmad nó inar lománaíodh an t-adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid;
Is é is brí le arna lománú go dleathach ná arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta.
Is é is brí le arna lománú go neamhdhleathach ná arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;
Is é is brí le reachtaíocht is infheidhme ná an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta agus a phléann na nithe seo a leanas:
- cearta chun adhmad a bhaint laistigh de na teorainneacha a bhfuil taifead déanta orthu le dlí;
- íocaíochtaí ar chearta lománaíochta agus ar adhmad lena n-áirítear dleachtanna a bhaineann le lománaíocht adhmaid;
- lománaíocht adhmaid, lena n-áirítear reachtaíocht chomhshaoil agus reachtaíocht foraoise, ar reachtaíocht í ina n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach aici le lománaíocht adhmaid;
- cearta dlíthiúla tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht, ar cearta iad a ndéanann lománaíocht adhmaid difear dóibh;
- trádáil agus custam, a mhéid a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta.
Naisc
- Téacs an Rialachán Adhmaid (EUTR)
- Achoimre ar an Rialachán Adhmaid (EUTR)
-
Doiciméad Treorach an Rialachán Adhmaid (EUTR)
(100 KB) - Reachtaíocht tionlacain leis an Rialachán Adhmaid (EUTR): Rialachán maidir le rialacha um aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí monatóireachta agus é a bhaint díobh: Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 363/2012
- Rialachán chun a chinntiú go gcuirtear an dlí i bhfeidhm go haonfhoirmeach: Rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún (AE) Uimh. 607/2012
