Cosán nascleanúna

Uirlisí breise

  • Leagan cló
  • Laghdaigh téacs
  • Méadaigh téacs

Sledujte nás

Facebook

Eolaíocht a úsáid

Le Fís 2020, clár nua taighde agus nuálaíochta an AE a gcuirfear tús leis in 2014, gearrfar siar ar mhaorlathas agus déanfar na billiúin euro a infheistiú chun geilleagar glas a fhorbairt ina gcothófar poist agus fás.

Fágann eolas eolaíoch go mbíonn sé níos éasca dúinn na cúiseanna leis an athrú ar an gcomhshaol agus an tionchar atá ag an athrú sin a thuiscint. Le cúnamh na heolaíochta, is féidir linn teacht ar straitéisí chun acmhainní atá gann a bhainistiú, ar réitigh éifeachtacha ar na fadhbanna práinneacha a bhíonn ag cur isteach ar shláinte, sábháilteacht agus cáilíocht na beatha agus is féidir linn a chinntiú go bhforbraímid geilleagar atá tíosach ar fhuinneamh.

Ach eolas níos fearr a bheith againn, beimid in ann treochtaí tábhachtacha a aithint agus na beartais chearta i ndáil le cosaint agus caomhnú an chomhshaoil a chur i dtoll a chéile.

fianaise iontaofa i dtaca le fadhbanna agus réitigh de dhíth ag gach céim den phróiseas déanta beartais i réimse an chomhshaoil.

Ní foláir an bhearna atá ann i dtaobh eolais faoin gcomhshaol a aithint agus a líonadh. B'fhearr go mór dá mbeadh spriocanna i gcoiteann ag eolaithe agus ag lucht déanta beartais. Chun an toradh sin a bhaint amach, is é an cineál eolais eolaíoch atá uainn eolas atá:

  • tráthúil – é ar fáil nuair a theastaíonn sé ó lucht déanta beartais
  • soiléir – é curtha in iúl i bhformáid atá éasca le tuiscint
  • oiriúnach don fheidhm atá leis – riachtanas de chuid an luchta déanta beartais
  • inrochtana – ní foláir méideanna ollmhóra sonraí a chur in oiriúint le go mbeidh siad inchreidte, ábhartha agus intuigthe.

Tá an Coimisiún ag neartú an cheangail idir an eolaíocht agus beartas comhshaoil an AE trí dhul i gcomhar le soláthróirí eolais éasgúla, agus trí thionscnaimh ar nós INSPIRE, SEIS agus COPERNICUS a chur chun cinn.

Beidh nuálaíocht shuntasach ag teastáil chun aistriú go geilleagar ísealcharbóin glas. Tá gá le taighde chun na dúshláin a aithint agus chun na bearta a threorú.

Ionstraim chumhachtach airgeadais de chuid an Choimisiúin is ea Fís 2020, agus cabhróidh sí leis an Eoraip an t-eolas eolaíoch atá uaithi a fháil. Is leis an ionstraim sin a chuirfear an tAontas Nuálaíochta chun feidhme, tionscnamh suaitheanta de chuid na Straitéise Eoraip 2020 atá dírithe ar chumas iomaíochta na hEorpa ar leibhéal domhanda a chinntiú.

Beidh an clár AE seo le haghaidh taighde agus nuálaíochta i bhfeidhm ó 2014 go 2020 agus beidh buiséad €80 billiún aige. Cuid den iarracht chun poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás san Eoraip is ea é.

Faoin Straitéis Fís 2020 tugtar le chéile an maoiniú ar fad atá ag an AE le haghaidh taighde agus nuálaíochta in aon chlár amháin. Díríonn sé ar fhionnachtana eolaíocha a fhorbairt chun tionscadail nuálaíocha agus seirbhisí a sholáthraíonn deiseanna gnó agus a fheabhsaíonn saol daoine a dhéanamh. Gearrann sé siar ar an maorlathas freisin, a bhuí le rialacha agus nósanna imeachta simplí a mheallfaidh na taighdeoirí móra le rá chomh maith le réimse leathan gnólachtaí nuálaíocha.