Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Teanga
Cosán nascleanúna
Roimhe seo, is cosúil go raibh fás geilleagrach ag brath go minic ar acmhainní nádúrtha a úsáid amhail is nach raibh aon deireadh leo. Toradh air sin is ea 'géarchéim acmhainní' a bhfuil baol ganntanais agus praghsanna ardaitheacha mar chuid de.
Sa lá atá inniu ann, tá méadú ag teacht ar líon na saoránach agus na n-eacnamaithe atá ag lorg samhlacha éagsúla geilleagracha, samhlacha lenar féidir rachmas a ghineadh gan díobháil a dhéanamh don chomhshaol.
Sa chuid seo den suíomh, feicfidh tú an chaoi a bhfuil an AE ag cabhrú le saoránaigh agus le rialtais glasú a dhéanamh ar a ngeilleagair, tríd an méid seo a leanas, mar shampla: bainistíocht níos fearr ar acmhainní, ionstraimí eacnamaíocha atá ar mhaithe leis an gcomhshaol, tacaíocht le haghaidh nuálaíochta, beartais níos fearr le haghaidh uisce agus dramhaíola, agus iarrachtaí chun tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a spreagadh.