Cosán nascleanúna

Uirlisí breise

  • Leagan cló
  • Laghdaigh téacs
  • Méadaigh téacs

Sledujte nás

Facebook

Do cheart chun eolais

Faoi Choinbhinsiún Aarhus de chuid na Náisiún Aontaithe, tá sé de cheart ag saoránaigh an AE ceisteanna a chur agus páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta faoin gcomhshaol.

Tá a lán dlíthe ann i réimse an chomhshaoil a chuireann dualgas ar rialtais faisnéis a bhailíonn siad faoin riocht ina bhfuil an comhshaol a roinnt leis an bpobal. Tugann an t-eolas sin cumhacht duitse, mar shaoránach, le go bhféadfaidh tú eolas a chur, mar shampla, ar láithreacha guaiseacha, ar shubstaintí a mbíonn gléasraí cumhachta ag cur amach san atmaisféar, agus ar cháilíocht an uisce ar thránna agus in ionaid snámha éagsúla.

Shínigh an AE Coinbhinsiún Aarhus a tháinig i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2001. Tugann an Coinbhinsiún sin an ceart duit faisnéis i dtaobh an chomhshaoil atá i seilbh na n-údarás poiblí a fheiceáil (tugtar "rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol" ar an gceart sin). Ar an bhfaisnéis sin, b'fhéidir go mbeadh faisnéis faoin riocht ina bhfuil an comhshaol, faoi bheartais nó faoi bhearta a rinneadh, agus faoin gcaoi ina bhfuil sláinte agus sábháilteacht an duine más rud é go bhféadfadh riocht an chomhshaoil tionchar a imirt orthu.

Tá tú i dteideal an fhaisnéis sin a fháil taobh istigh de mhí amháin tar éis í a iarraidh, agus ní gá aon chúiseanna a thabhairt faoin bhfáth a dteastaíonn an fhaisnéis sin uait.

Tugann an Coinbhinsiún an ceart duit freisin páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta faoin gcomhshaol.

Bíonn ar na húdaráis phoiblí socruithe a dhéanamh le go bhféadfaidh an pobal agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a dtuairimí a thabhairt i dtaobh tograí faoi thionscadail a imríonn tionchar ar an gcomhshaol, nó i dtaobh pleananna agus clár a bhaineann leis an gcomhshaol. Is gá na tuairimí sin a chur sa mheá le linn do na húdaráis cinntí a dhéanamh, agus is gá an pobal a chur ar an eolas faoi na cinntí deiridh agus na cúiseanna leo ("rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol").

Tugann sé an ceart duit freisin agóid a dhéanamh in aghaidh chinntí sin na n-údarás poiblí a ndearna siad gan dlí an chomhshaoil a urramú ("rochtain ar cheartas").

Cuireann an Coinbhinsiún dualgas ar na húdaráis an fhaisnéis atá acu faoin gcomhshaol a scaipeadh i measc an phobail. Tá a lán den fhaisnéis sin bailithe le chéile anois ar leibhéal lárnach ag an AE. Is é a chiallaíonn sé sin gur féidir leat díriú ar na limistéir atá faoi chosaint san AE ach amharcóir Natura 2000 a úsáid, astaíochtaí aeir i do cheantarsa a sheiceáil ag úsáid E-PRTR, agus léarscáileanna éagsúla a bhaineann leis an gcomhshaol a fheiceáil sa chóras Eye on Earth.

Déantar an t-uafás faisnéise a bhailiú le chéile sa Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ag úsáid EIONET, an líonra Eorpach um fhaisnéis agus breathnóireacht ar an gcomhshaol.

Is fóram é EIONET do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí comhshaoil, ionaid taighde phoiblí agus phríobháideacha agus lárionaid saineolais ar fud na hEorpa. Cuimsíonn sé an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, sé Lárionad Téamaí Eorpacha agus gréasán de thart ar 1000 saineolaí as 39 tír i mbreis agus 350 gníomhaireacht náisiúnta comhshaoil agus comhlachtaí eile a bhíonn ag plé le faisnéis faoin gcomhshaol.