×

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin nua Oideachais agus Oiliúna.  Is i mBéarla amháin atá formhór na leathanach faoi láthair.  Mar sin féin, tá an suíomh á aistriú go gach ceann de na 23 theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais.  Déanfar na leathanaigh a nuashonrú a luaithe a chuirfear na haistriúcháin ar fáil.

Eolas faoi acmhainní agus uirlisí
Tá cineálacha éagsúla uirlisí ceaptha ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit agus lena saoránaigh.

Bailíonn an tAontas Eorpach neart faisnéise a bhaineann leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an bhforbairt ghairmiúil sna Ballstáit. Tá sé ríthábhachtach an fhaisnéis sin a roinnt agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil do dhaoine le gur féidir leo an chéad chéim, nó an chéad chéim eile, san oideachas a thabhairt.

Mura n-éiríonn le daoine maoiniú a fháil, is minic nach féidir leo leanúint ar aghaidh chun a spriocanna oideachais a bhaint amach. Tá sé iontach tábhachtach, dá bhrí sin, do mhic léinn nua agus do dhaoine atá ina mic léinn cheana rochtain a bheith acu ar fhaisnéis faoin maoiniú

Ar an leathanach seo tá rogha d’uirlisí agus d’acmhainní a thacaíonn lena lán de na cláir oideachais a chuireann an tAontas ar fáil. Is féidir teacht ar liosta cuimsitheach de dhoiciméid a thacaíonn le beartais oideachais an Aontais ar an suíomh gréasáin seo, taifid taighde agus staidrimh san áireamh.