Cad chuige é?

 
Is éard a deir an chéad phrionsabal i gColún Eorpach na gceart sóisialta go bhfuil ceart ag cách ar oideachas cuimsitheach den scoth, agus ar oiliúint agus ar fhoghlaim fad saoil, d’fhonn na scileanna a thógáil agus a choinneáil a chuireann ar a gcumas páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus bainistiú fónta a dhéanamh ar athruithe sa mhargadh oibre.
 
Ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg in 2017, phléigh Ceannairí Stáit agus Rialtais cé mar is féidir leas iomlán an oideachais agus an chultúir a shaothrú le haghaidh cruthú post, fás eacnamaíoch agus cothroime shóisialta, agus mar dheis le blaiseadh den éagsúlacht féiniúlachta atá san Eoraip ina hiomláine. Is éard ba thús inspioráide dá gcuid cainte Teachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh ar An fhéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr
 
I mí na Nollag 2017, d’áitigh an Comhairle Eorpach ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an clár oibre a pléadh in Göteborg a thabhairt chun cinn.
 
I mí Eanáir 2018, ghlac an Coimisiún Eorpach trí thogra a bheidh ina gcúnamh le sochaithe comhtháite ionchuimsitheacha a thógáil tríd an oideachas agus tríd an gcultúr. Is iad sin tograí le haghaidh:
An Moladh maidir le Príomh-Inniúlachtaí don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil atá á bheartú, tá sainmhíniú ann ar na hinniúlachta a theastaíonn ó gach saoránach Eorpach don chomhlíonadh agus don fhorbairt phearsanta, don fhostaíocht, don chuimsiú sóisialta agus don tsaoránacht ghníomhach. Iarrann sé ar Bhallstáit deimhin a dhéanamh de gur féidir na daoine a thabhairt chun inniúlachta i ngach cás díobh sin trí bhíthin na gcóras oideachais agus oiliúna atá acu.
 
An Moladh maidir le Luachanna Coiteanna, le hoideachas ionchuimsitheach agus le gné Eorpach an teagaisc atá beartaithe, seo a leanas na nithe is sprioc dó: cuidiú leis na Ballstáit a gcuid luachanna coiteanna a chur chun cinn mar veicteoirí don chomhtháthú agus don chuimsiú; a bheith fabhrach do chur chun feidhme na dtimpeallachtaí foghlama rannpháirtíochta ar gach leibhéal san oideachas; feabhas a chur ar oiliúint na múinteoirí i gcúrsaí saoránachta agus éagsúlachta; idir thuiscint ar na meáin agus scileanna smaointeoireacht chriticiúil na bhfoghlaimeoirí ar fad a fheabhsú, go mór mór i bhfianaise theacht i réim an phobalachais, na seineafóibe, an náisiúnachais scoiltigh, an idirdhealaithe agus an radacaithe a leanann an foréigean é. 

Conas a dhéantar sin?

An comhar beartais ar leibhéal na hEorpa agus i gcláir mhaoinithe an Aontais, Erasmus+ cuir i gcás, cuireann siad comaoin ar chothú an oideachais ionchuimsithigh.

Amhail mar a a leagtar amach in Tuarascáil Chomhpháirteach 2015 ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (ET 2020), áirítear na nithe seo a leanas ar straitéis an Aontais Eorpaigh sna réimsí sin: ‘An t-oideachas ionchuimsitheach, an comhionannas agus an cothromas, an neamh-idirdhealú agus cur chun cinn na n-inniúlachta sibhialta mar réimse tosaíochta sa chomhar Eorpach i gcúrsaí oideachais agus oiliúna. 

Tá raon leathan gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún sa réimse seo, na nithe seo thíos mar shamplaí:

  •  Grúpa Oibre ar Chun Cinn na saoránachta agus na luachanna coiteanna a chur ar bun, grúpa a bhfuil bailiúchán dea-chleachtas ar líne curtha ar fáil acu sna réimsí seo a leanas; 
  •  An Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint 2017 a chuir fianaise ar fáil ar ról an oideachais sa chomhrac in aghaidh na héagothromaíochta agus i gcur chun cinn an chuimsithe shóisialta;
  •  Togra na samhailteacha dea-chleachtais a eagrú, is é sin daoine a théann i mbun gníomhaíochtaí leis an gcuimsiú sóisialta a chur cinn agus leis an eisiamh agus an radacú foréigneach a chosc i measc daoine óga; 
  •  Sraith straitéisí leis an radacú foréigneach a chosc d’oibrithe óige a bhíonn ag plé le daoine óga atá i mbaol a n-imeallaithe; 
  •  Gradam Eorpach i leith Cuimsiú Sóisialta sa Spórt; agus 
  •  Maoiniú bliantúil a chur ar fáil trí mheán Erasmus+ le beartais agus cleachtais nuálacha a thabhairt chun cinn i measc na ngnáthdhaoine agus tús áite a thabhairt don chuimsiú sóisialta dá réir sin.

Cad é an chéad chéim eile?

Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún ag tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
  • Cur leis an tSraith Straitéisí Eorpach do Scoileanna, ardán nua ar líne do scoileanna agus do mhúinteoirí ar a bhfuil samplaí den dea-chleachtas agus acmhainní lena mínítear conas modhanna comhoibríocha a thabhairt isteach sna scoileanna agus an cuimsiú a fheabhsú agus conas féachaint chuige go n-éireoidh le cách;
  • Cur leis an ardán ar líne eTwinning rud a nascann múinteoirí agus seomraí ranga lena chéile ar fud na hEorpa, chomh maith le tacaíocht do chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí faoin oideachas saoránachta trí bhíthin Erasmus+;
  • Spreagadh d'institiúidí ardoideachais le creidiúintí a thabhairt amach chun obair dheonach agus curaclaim a fhorbairt ina bhfuil idir ábhar acadúil agus rannpháirtíocht sa saol poiblí;
  • An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, tionscnamh nua de chuid an Aontais Eorpaigh, a chur chun feidhme, rud a thugann deiseanna do dhaoine óga obair nó obair dheonach a dhéanamh, ina dtír féin nó ar an gcoigríoch, chun leasa pobail agus daoine ar fud na hEorpa;
  • Tionscadal nua de chuid Erasmus+ Malartú Fíorúil a chuirfidh ar chumas daoine óga tuairimí san Eoraip agus i ndeisceart na Meánmhara tuairimí agus smaointe a mhalartú trí chomhdhálacha gréasáin struchtúrtha éascaithe chun feasacht agus caoinfhulaingt idirchultúrtha a fheabhsú.