Teangacha ar mhaithe le fás agus fostaíocht

Chun scileanna oibrithe a fhorbairt, oibríonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar le páirtithe leasmhara ón earnáil oideachais agus ón margadh saothair.

Cad atá i gceist?

Tá scileanna maithe teanga agus cumarsáide tábhachtach do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí.

Bíonn ar an iomarca gnólachtaí san Aontas conarthaí gnó a ligean uathu de dheasca easpa scileanna teanga agus easpa eolais ar chultúir eile. Is léir gur gá cur chuige níos straitéisí i réimse na cumarsáide ilteangaí.

Má tá teanga iasachta ag daoine óga, is féidir leo dul i mbun staidéir nó oiliúna ar an gcoigríoch. Ní hamháin go bhfaighidh siad oiliúint i réimsí sonracha, ach cuirfidh siad barr feabhais ar a gcuid scileanna teanga agus cumarsáide idirchultúrtha freisin – buanna a mbíonn tóir ag fostóirí orthu.

Léiríodh i staidéar a rinneadh ar an tionchar atá ag Erasmus – clár malartaithe mac léinn an Aontais Eorpaigh – gur fearr i bhfad a éiríonn an margadh saothair le céimithe a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu.

Cad atá an Coimisiún Eorpach a dhéanamh?

Chun scileanna oibrithe a fhorbairt, oibríonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar le páirtithe leasmhara ón earnáil oideachais agus ón margadh saothair. Trí Lánléargas Scileanna an Choimisiúin Eorpaigh (ardán AE ar a dtugtar sonraí soiléire iontaofa faoin margadh saothair), cuidíonn rialtais an Aontais, eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn le réamhaisnéis a dhéanamh ar na scileanna a bheidh ag teastáil in earnálacha éagsúla, scileanna teanga ina measc.

Tionscadal tábhachtach eile is ea ESCO, an t-aicmiú a dhéantar ar scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus gairmeacha Eorpacha. Cuid den straitéis Eoraip 2020 is ea ESCO. Tugtar eolas sothuigthe ann (i 24 theanga) maidir leis na scileanna, na hinniúlachtaí agus na cáilíochtaí atá ag teastáil le haghaidh gairmeacha éagsúla san Aontas. Is in 2010 a seoladh é agus is é an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna atá ina bhun.

Bailíonn an Coimisiún sonraí freisin ó staidéir a dhéantar san Aontas maidir leis na naisc idir scileanna teanga, iomaíochas agus infhostaitheacht. Tá méadú ag teacht ar an éileamh ar shaineolaithe teanga sna gairmeacha teanga. Tá an Coimisiún ag iarraidh naisc a chruthú idir ollscoileanna agus úsáideoirí seirbhísí teanga, m.sh. tríd an bhfóram Translating Europe.

Cad atá déanta go dtí seo?

Idir 2011 agus 2013, chomhordaigh an Coimisiún ardán gnó a chuidigh le hobair CELAN – an Líonra um Chur Chun Cinn Straitéisí Teanga ar mhaithe le hIomaíochas agus Infhostaitheacht. Bhí sé d’aidhm aige sin riachtanais teanga gnólachtaí agus fostaithe san Aontas Eorpach a shainaithint agus uirlisí a chur ar fáil le riar orthu.

In Iúil 2011, d’fhoilsigh an grúpa a bhí ag obair ar “theangacha ar mhaithe le poist” tuarascáil maidir le scileanna cumarsáide ilteangaí a chur ar fáil don mhargadh saothair.

Torthaí an dá thuarascáil chuimsitheacha is déanaí ar theangacha agus infhostaitheacht: Léirítear sa Staidéar ar Inniúlacht i dTeangacha Iasachta agus Infhostaitheacht agus sa Tuarascáil ar Theangacha agus Infhostaitheacht (ar foilsíodh iad araon in 2015) go bhfuil baint dhíreach idir scileanna teanga duine agus a infhostaithe atá sé. Aithníodh gur gné an-tábhachtach d’fhorbairt ghairmiúil shaoránaigh an Aontais eolas a bheith acu ar theangacha iasachta agus iad a bheith inniúil ar na teangacha sin. Tá anailísí déanta freisin sna tuarascálacha ar an éileamh atá ar scileanna teanga iasachta sa mhargadh saothair, agus tugtar moltaí iontu faoin gcaoi ar féidir tacú le fostóirí agus le fostaithe.

Tá dóigh eile ag an gCoimisiún leis an bhfás eacnamaíoch a ghabhann le teangacha a chothú, mar atá Erasmus+.