Ardoideachas atá ábhartha agus ar ardcháilíocht

Tugann an t-ardoideachas ábhartha ardcháilíochta an t-eolas agus na scileanna trasnaí do mhic léinn, rudaí atá ag teastáil le go n-éireoidh go maith leo tar éis dóibh céim a bhaint amach.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach ábharthacht agus cáilíocht an ardoideachais a chinntiú?

Tá an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le ganntanais scileanna, go háirithe i réimsí staidéir ETIM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic – agus réimse TFC. Is iad mná go háirithe atá tearcionadaithe sna réimsí staidéir sin. 

Sa bhreis air sin, tá éileamh scileanna nua ag teacht chun cinn in aistriú glas agus digiteach shochaí an Aontais. Ní mór don Aontas beart a dhéanamh más mian leis a chinntiú go leanfar d'fhorbairt na scileanna a bhfuil gá leoscileanna is gá a fhorbairt agus go leanfaidh an tAontas féin de bheith iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de ar an leibhéal domhanda. 

Ba cheart níos mó saoránach a spreagadh le staidéar a dhéanamh ar ábhair a bhfuil ganntanas scileanna agus an-éileamh ar shaothar ag baint leo. Is gá do gach mac léinn scileanna trasnaí, cuir i gcás smaointeoireacht chriticiúil agus réiteach fadhbanna, agus príomhinniúlachtaí a fhorbairt, cuir i gcás scileanna uimhearthachta agus digiteacha, le go n-éireoidh go maith leis tar éis dó a chuid staidéar a chríochnú.

Cad atá ar siúl ag an Aontas chun ábharthacht agus cáilíocht an ardoideachais a fheabhsú?

Tacaíocht láidir a chur ar fáil don chur chuige STEAM

Is éard atá á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach forbairt a dhéanamh ar chláir ardoideachais STEM agus teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) bunaithe ar an gcur chuige STEAM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus mata – i dtaca leis an oideachas.

Sraith ildisciplíneach de chuir chuige i dtaca leis an oideachas is ea STEAM, lena leagtar anuas na bacainní traidisiúnta idir ábhair agus disciplíní chun STEM agus oideachas TFC a nascadh leis na healaíona, na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta. 

Leis an gcur chuige sin, éascaítear an t-eolas idir réimsí staidéir STEM agus neamh-STEM a chumasc agus déantar an fhoghlaim ó thaithí a neadú ann. Leis an gcur chuige STEAM spreagtar comhthéacsú níos fearr na n-ábhar STEM i réimse na polaitíochta, réimse an chomhshaoil, réimsí socheacnamaíocha agus réimsí cultúrtha. 

Cuidíonn an cur chuige STEAM chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna ríthábhachtacha agus chun forbairt scileanna trasnaí a fhorbairt araon, rud a chuireann dlús leis an bhfiontraíocht, an nuálaíocht agus an chruthaitheacht. Tá Comhghuaillíocht ETIM an Aontais á maoiniú ón gclár Erasmus+ agus tacaíonn sí leis an obair agus leis na gníomhaíochtaí ar a ndéantar cur síos sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna.

An Tionscnamh Eorpach chun Céimnithe a Rianú

Tá an tAontas ag moladh do na Ballstáit cáilíocht agus ábharthacht an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a fheabhsú trí rianú rialta a dhéanamh ar chéimithe mar chuid den Tionscnamh Eorpach chun Céimithe a Rianú. 

Is é an cuspóir atá leis an Tionscnamh measúnú a dhéanamh an bhfuil cáilíocht agus ábharthacht imleor ann i dtaca le heolas, scileanna agus inniúlachtaí céimithe chun go mbeidh siad rathúil i ndomhan na hoibre atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Na hiarrachtaí sin chun feabhas a chur ar inchomparáideacht sonraí maidir le torthaí céimithe ar an leibhéal Eorpach, cuideoidh siad chun Fíorlimistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025. Go háirithe, tacóidh an Tionscnamh Eorpach chun Céimithe a Rianú le comhchruthú clár oibre claochlaithe don ardoideachas in 2021.

Is éard a chuirfear ar fáil leis an tionscnamh léargais don lucht ceaptha beartas chun go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar ar dhúshláin thrasnáisiúnta éagsúla a bhaineann leis an oideachas agus le scileanna, ag baint úsáid as cur chuige bunaithe ar fhianaise.

Sa bhreis air sin, cuidíonn céimithe a rianú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • taithí na mac léinn a fheabhsú agus deiseanna a shainaithint chun cur le héifeachtúlacht na múinteoireachta agus na foghlama 
  • neamh-chomhionannais i réimse an oideachais a chinneadh agus teacht ar bhealaí chun dul i ngleic leo
  • infhostaitheacht céimnithe nua a neartú trí phleanáil agus meaitseáil scileanna le riachtanais fostóirí, dearadh curaclam agus gairmthreoir a fheabhsú
  • léargais a thabhairt ar phatrúin soghluaisteachta trasteorann, barrachais agus bearnaí réigiúnacha scileanna atá ag teacht chun cinn san áireamh – ‘imirce daoine oilte’ agus ‘inimirce daoine oilte’ mar a thugtar orthu
  • díriú go héifeachtúil ar infheistíocht in oideachas ardcháilíochta atá curtha in oiriúint do riachtanais na sochaí
  • cleachtais a shainaithint lena n-ullmhaítear céimnithe ar an mbealach is fearr le bheith ina saoránaigh ghníomhacha 

Cad atá déanta ag an Aontas go dtí seo?

Ag teacht sna sála ar an gClár Oibre Athnuaite i ndáil leis an Ardoideachas agus an Clár Oibre Eorpach do Scileanna Nua, ghlac an Chomhairle Moladh maidir le rianú céimithe i mí na Samhna 2017. 

Mar chuid den Mholadh sin, thug na Ballstáit (le tacaíocht ón gCoimisiún) gealltanas go mbaileodh siad eolas inchomparáide chun céimithe a rianú san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. In 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar tagarmharcála ina ndearnadh mapáil ar staid na mbeartas agus na gcleachtas i dtaca le céimithe a rianú sna Ballstáit agus i dtíortha an LEE de réir 5 phríomhréimse a sainaithníodh sa Mholadh ón gComhairle.

Idir 2018 agus deireadh a shainordaithe in 2020, d’fheidhmigh an Grúpa saineolaithe maidir le céimithe a rianú mar fhóram le haghaidh comhair agus malartaithe. Mar chlabhsúr le gníomhaíochtaí an ghrúpa, foilsíodh Tuarascáil Deiridh ina raibh moltaí don Choimisiún maidir leis an tionscnamh Eorpach chun céimithe a rianú amach anseo.

In 2020 thug an Coimisiún faoi Shuirbhé Píolótach ar Chéimithe Eorpacha in 8 dtír phíolótacha – an Chróit, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iorua, an Liotuáin, Málta, an Ostair agus an tSeicia – lena ndearnadh measúnú ar shonraí ar an leibhéal náisiúnta agus comparáid idir na mBallstáit. Leis na sonraí sin, cuirfear bonn fianaise luachmhar ar fáil do lucht ceaptha beartas agus gairmithe i réimse an ardoideachais a bhíonn ag ceapadh curaclam.

Idir 2020 agus 2021 sheol an Coimisiún gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta saincheaptha i ngach Ballstát chun go mbeidh an riarachán náisiúnta agus foirne taighdeoirí sna Ballstáit go léir ullamh le haghaidh sásra comhordaithe Eorpach chun céimithe a rianú. Mar chuid de na gníomhaíochtaí sin tá úinéireacht a fhorbairt ar an tionscadal chun céimithe a rianú i measc páirtithe leasmhara, borradh a chur faoi inniúlachtaí TF agus cumas staidrimh, agus eile.

Cad iad na chéad chéimeanna eile?

Bunaithe ar na malartuithe agus na moltaí ón nGrúpa saineolaithe, tá dul chun cinn á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chéimithe a rianú ar na bealaí seo a leanas:

  • malartú leanúnach a chinntiú idir tíortha agus níos mó comhchuibhithe a dhéanamh ar iarrachtaí chun céimnithe a rianú trí ghréasán saineolaithe náisiúnta a bhunú ó gach Ballstát d’fhonn iarrachtaí náisiúnta a stiúradh maidir le céimnithe a rianú agus idirphlé le comhghleacaithe Eorpacha a éascú
  • féachaint ar bhealaí chun an cur chuige a thabhairt ar aghaidh maidir le sonraí céimnithe a bhailiú trí eolas a tharraingt ó bhunachair náisiúnta sonraí riaracháin atá ann cheana i gcomhar leis an ngréasán saineolaithe náisiúnta
  • an suirbhé Eorpach ar chéimithe a leathnú amach a thuilleadh trí an dara céim den suirbhé píolótach Eorpach ar chéimnithe ardoideachais a reáchtálfar in 2022 in 16-18 dtír, agus cáilíocht an tsuirbhé a fheabhsú
  • staidéir bhreise agus gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú chun feabhas a chur ar an mbonn fianaise maidir le cleachtas céimnithe a rianú agus chun úsáid níos fearr a bhaint as sonraí

In 2022 breathnóidh an Coimisiún ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an Moladh ón gComhairle a chur chun feidhme, agus táthar ag súil leis go mbeidh sé glactha ag 80% de na Ballstáit faoi dheireadh 2024. 

Tá an Coimisiún ag súil leis go mbeidh an próiseas rianaithe céimithe curtha chun feidhme ar fud an Aontais faoi 2025.