
Nuashonrú: 30 Meán Fómhair 2020
An 30 Meán Fómhair 2020, foilsíodh Teachtaireacht nua maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais. Leagtar amach ann bealach chun LEO a bhaint amach faoi 2025.
Tá an leathanach seo á nuashonrú chun an Teachtaireacht nua a chur san áireamh. Idir an dá linn, féadfaidh tú an phreaseisiúint a léamh agus an Teachtaireacht a íoslódáil.
I dtreo Limistéar Eorpach Oideachais
Is é leas coiteann Bhallstáit uile an Aontais go mbainfí tairbhe as acmhainneacht iomlán an oideachais agus an chultúir mar dhreasaithe ar chruthú jabanna, ar fhás eacnamaíoch agus ar chomhtháthú sóisialta níos fearr agus is bealach é chun dul i dtaithí ar fhéiniúlachtaí éagsúla uile na hEorpa.
Tá tionscnaimh á gceapadh ag an gCoimisiún chun cuidiú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh Limistéar Eorpach Oideachais a chur ar bun. Is iad seo gnéithe na físe atá ag gabháil leis an mbeartas seo agus a bhaineann leis an Aontas ar fad:
- ba cheart tréimhse staidéir agus foghlama ar an gcoigríoch a bheith ina gnáthchleachtas
- ba cheart dioplómaí dara agus tríú leibhéal a aithint ar fud an Aontais Eorpaigh
- ba cheart dhá theanga eile, le cois a theanga dúchais, a bheith ar a thoil ag gach duine
- ba cheart rochtain a bheith ag cách ar oideachas ardchaighdeáin, gan beann ar a chúlra socheacnamaíoch
- ba cheart braistint láidir féiniúlachta mar Eorpach a bheith ag daoine, agus tuiscint acu ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar éagsúlacht na hoidhreachta sin.
An obair atá idir lámha ag an Aontas chun Limistéar Eorpach Oideachais a chur ar bun
Thíolaic an Coimisiún an chéad phacáiste beart arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
- príomhinniúlachtaí le haghaidh foghlama ar feadh an tsaoil
- scileanna digiteacha
- comhluachanna agus oideachas ionchuimsitheach
Sa teachtaireacht uaidh dar teideal Eoraip níos láidre a fhorbairt: ról an bheartais óige, an bheartais oideachais agus an bheartais cultúir, mhol an Coimisiún an dara pacáiste beart a tharraingíonn aird ar an ról ríthábhachtach atá ag an oideachas, an óige agus an cultúr chun todhchaí na hEorpa a fhorbairt. Leagtar amach sa teachtaireacht sin an chaoi a bhfuil ag éirí leis an gCoimisiún bearta a dhéanamh de réir mar a d'iarr ceannairí na mBallstát air sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach, Nollaig 2017.
Déantar cur síos sa Teachtaireacht ar fhís an Choimisiúin maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a thógáil trí na nithe seo a leanas a thabhairt le chéile:
- clár neartaithe Erasmus+
- creat uaillmhianach do chomhar Eorpach maidir le beartas oideachais agus oiliúna
- tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe de chuid na mBallstát trí bhíthin an tSeimeastair Eorpaigh
- úsáid spriocdhírithe níos fearr a bhaint as cistí an Aontais
Tugtar tuairisc sa teachtaireacht freisin ar thionscnaimh atá faoi shiúl arb é is aidhm dóibh líonra ollscoileanna Eorpacha agus cárta mic léinn Eorpach a bhunú. Sa phacáiste sin tá tograí le haghaidh Moltaí ón gComhairle maidir leis an méid seo a leanas:
- Oideachas agus Cúram Luath-óige;
- Dioplómaí agus tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch a aithint go hUathoibríoch agus go Frithpháirteach
- teagasc agus foghlaim teangacha a fheabhsú
Ghlac airí oideachais leis an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige cuimsitheach i leith teangacha a theagasc agus a fhoghlaim ag cruinniú na Comhairle sa Bhruiséil an 22 Bealtaine 2019.