Fáilte chuig DORIE

Cad is DORIE ann?

Is bunachar sonraí é DORIE (giorrúchán a sheasann do DOcumentation et Recherche sur les questions Institutionnelles Européennes) ina bhfuil bailiúchán doiciméad a chuir an t-aonad san Ardrúnaíocht a bhfuil saincheisteanna institiúide de chúram air le chéile thar na blianta. Le DORIE is féidir le comhghleacaithe a bhfuil suim acu i saincheisteanna institiúide, agus le sainghrúpa tríd an suíomh gréasáin Europa, rochtain a fháil ar an mbailiúchán seo. Ní bunachar sonraí uileghabhálach é, ach tá roinnt doiciméad nó sleachta as doiciméid ann a bhaineann le saincheisteanna institiúide agus leis na comhdhálacha éagsúla idir-rialtasacha (Coinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa 2002–03 san áireamh), comhdhálacha a raibh athruithe ar na conarthaí bunaitheacha mar thoradh orthu. Tá fáil ar dhoiciméid a bhaineann le saincheisteanna institiúide agus a foilsíodh le déanaí in DORIE chomh maith. Tá doiciméid ó 1946 (an dociméad is sine atá le fáil san fheidhmchlár) go dtí an lá atá inniú ann in DORIE.

Top

Cad iad na cineálacha doiciméad atá le fáil in DORIE?

Sa bhunachar sonraí tá ionstraimí dlíthiúla atá glactha ag na hInstitiúidí, miontuairiscí ó chruinnithe de chuid na n-Institiúidí Eorpacha agus na gcomhlachtaí Eorpacha, preaseisiúintí, ailt ó nuachtáin, óráidí a thug ceannairí Eorpacha agus meabhráin inmheánacha ón gCoimisiún. Nuair a dhéantar cuardach tugtar rochtain duit ar bhileog eolais le haghaidh gach doiciméid, chomh maith le rochtain ar an doiciméad féin, mura bhfuil an téacs faoi chosaint chóipchirt. Is le haghaidh úsáid inmheánach sa Choimisiún roinnt de na doiciméid, agus í sin amháin, agus ní fhéadfar iad a scaipeadh lasmuigh den Institiúid.

Top

Teangacha an bhunachair sonraí

Is féidir cuardach a dhéanamh i mBéarla agus i bhFraincis sa sainbhunachar sonraí eolais seo. Ar chúiseanna stairiúla, tá roinnt doiciméad sa bhunachar sonraí ó laethanta tosaigh an Chomhphobail Eorpaigh nach bhfuil ar fáil ach i bhFraincis nó i mBéarla. Tá roinnt doiciméad ar fáil i níos mó ná aon teanga amháin, agus tá líon beag doiciméad ar fáil i ngach teanga. Má theipeann ort an doiciméad a fháil sa teanga is mian leat in DORIE, d'fhéadfadh fáil a bheith uirthi i mbunachair sonraí eile ar nós Eur-lex.

Top

Conas is féidir an bunachar sonraí a chuardach?

Agus trastagairtí á n-úsáid agat, is féidir na seasaimh a ghlac cinnteoirí éagsúla na hEorpa ar théamaí institiúide a fháil. Tá siad liostaithe in eolaire inchuardaithe (e.g. Comhairle an Aontais Eorpaigh/nósanna imeachta vótála-cinnteoireachta/sainmhíniú ar thromlach cáilithe). Is féidir an critéar 'Téamaí' a úsáid chun an bunachar sonraí a chuardach, nó is féidir critéir eile a roghnú faoin táb 'Príomhréimsí', i.e. teideal an doiciméid, dáta, tagairt agus/nó cineál, an áit ar cuireadh an seasamh in iúl (e.g. Comhdháil Idir-rialtasach, CIR/Amstardam), údar an tseasaimh a cuireadh in iúl (m.sh. an Coimisiún). Is féidir níos mó ná aon chritéar cuardaigh amháin a chuardach le chéile nó is féidir cuardach 'téacs iomlán' a dhéanamh.

Top