Buiséad EUR 120 milliún atá ann don scéim WiFi4EU idir 2017 agus 2019. Bainfear úsáid as le trealamh Wi-Fi den chéad scoth a shuiteáil sna hionaid ina gcruinníonn an pobal.
Má tá leas le bheith ag cách as an nascacht sin, is cóir gur cuma faoin áit a bhfuil siad ina gcónaí nó faoin méid atá á shaothrú acu. Dá bhrí sin, molaimid go gcuirfí ar fáil faoin mbliain 2020 i ngach cathair agus baile beag san Eoraip – sna príomhionaid ina gcruinníonn an pobal – rochtain in aisce ar an idirlíon gan sreang.
Jean-Claude JUNCKER - Aitheasc ar Staid an Aontais, Meán Fómhair 2016
Cé a bhainfidh leas as?
Gach Eorpach
Beidh an scéim WiFi4EU scaipthe go cothrom ó thaobh na geografaíochta de, sa chaoi go mbeidh na mílte pobal áitiúil ar fud an Aontais agus cuairteoirí ar na háiteanna sin in ann leas a bhaint as naisc ardluais, is é sin 6,000 go 8,000 pobal áitiúil ar a laghad faoi 2020.
Eagraíochtaí poiblí áitiúla
Beidh an scéim WiFi4EU oscailte de ghnáth d'eagraíochtaí na hearnála poiblí – comhairlí agus bardais áitiúla, leabharlanna, ionaid sláinte agus a leithéidí. Faoin scéim, tabharfar maoiniú le híoc as na costais a bhaineann leis an trealamh agus leis an tsuiteáil (pointí rochtana idirlín), agus íocfaidh an tairbhí as an nascacht (síntiús idirlín) agus as an trealamh a chothabháil agus a choinneáil in ord maith ar feadh 3 bliana ar a laghad.
Spreagfar na húdaráis áitiúla chun seirbhísí digiteacha dá gcuid féin a fhorbairt agus a chur chun cinn i réimsí amhail ríomhsheirbhísí rialtais, sláinte agus turasóireachta agus a leithéid, i bhfeidhmchlár ar leith.
Conas a dhéantar iarratas ar WiFi4EU?
Bainfear úsáid as nósanna imeachta simplí, nach mbaineann ualach mór maorlathais leo, chun an scéim WiFi4EU a chur ar fáil. Ina measc siúd beidh córais chun iarratais a dhéanamh ar líne, íocaíochtaí a dhéanamh le dearbháin agus ní bheidh ach ceanglais éadroma mhonatóireachta i gceist.
Roghnófar na tionscadail bunaithe ar an ord ina dtiocfaidh na hiarratais isteach. Na tionscnóirí tionscadal a bhfuil sé beartaithe acu iarratas a dhéanamh faoin scéim, ba cheart é a bheith mar aidhm acu seirbhís a sholáthar i gceantair nach bhfuil seirbhís Wi-Fi phoiblí in aisce ná pointe rochtana príobháideach den chineál céanna ann cheana féin.
Táthar ag súil leis go seolfar an chéad ghlao ar thionscadail i dtreo dheireadh na bliana 2017 nó go luath in 2018.
Doiciméid ghaolmhara
- RIALACHÁN (AE) 2017/1953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 maidir le nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla
- Bileog eolais faoi WiFi4EU
- Question and Answer session on WiFi4EU at the Digital Assembly 2017 (video)