Garspriocanna
Ag dul i ngleic leis an athrú aeráide ar fud an domhain
Cuireadh tús leis an iarracht dhomhanda chun dul i ngleic leis an athrú aeráide in 1992, nuair a chuaigh tíortha ar fud an domhain isteach i gconradh idirnáisiúnta a dtugtar Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (CCNAA) air.
Caith súil ar na ngarspriocanna is mó sa chomhrac domhanda in aghaidh an athraithe aeráide
Comhartha de ghealltanas domhanda
An 22 Aibreán 2016, shínigh 174 thír Comhaontú Páras go hoifigiúil i Nua-Eabhrac — bhí an líon tíortha sin i bhfad níos mó ná an líon a shínigh conradh idirnáisiúnta ar bith riamh ar lá amháin.
Le dlí a dhéanamh de Chomhaontú Pháras, b’éigean do 55 thír ar a laghad a sholáthraíonn 55 % ar a laghad d’astaíochtaí an domhain é a dhaingniú go foirmiúil.
Dhaingnigh an tAontas an beart go hoifigiúil an 5 Deireadh Fómhair 2016, a chiallaigh gur tháinig sé i bhfeidhm an 4 Samhain, níos lú ná bliain sular glacadh é.
Athrú a mhaoiniú
Beidh cuidiú de dhíth ar thíortha bochta agus leochaileacha chun a n-astaíochtaí a laghdú agus chun oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide.
Soláthraíonn an tAontas an méid is mó airgid phoiblí do thíortha i mbéal forbartha chun tionscadail aeráide a mhaoiniú. In 2016, mar shampla, sholáthair an tAontas agus a bhallstáit le chéile €20.2 billiún chun cuidiú leo dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuir Ballstáit an Aontais beagnach leath den $10 mbilliún a gealladh don Chiste Glas úr don Aeráid de chuid na Náisiún Aontaithe chomh maith, atá ag tacú le tíortha i mbéal forbartha fosta.
An cuspóir faoi 2 °C
D’aontaigh rialtais má táthar le dianiarmhairtí an athraithe aeráide a chosc, ní mór an méadú ar an teocht domhanda a theorannú go dtí faoi bhun 2 °C i gcomparáid leis an leibhéal i dtréimhsí réamhthionsclaíocha (roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch).
Is é is cúis leis sin go gcreideann eolaithe go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh méadú suntasach ar athruithe mórscála do-athraithe. D’aontaigh tíortha an téamh a theorannú go 1.5 °C, de bhrí go laghdódh sin go suntasach rioscaí agus tionchar an athraithe aeráide.
Aontaíodh na cuspóirí seo faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (CCNAA) — an comhaontú náisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.