Skip to main content
European Anti-Fraud Office

Cúlra dlíthiúil

Is é Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (a chuaigh in ionad Airteagal 280 de Chonradh CE) an bunús dlí leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise.

1. Bunú OLAF

Leasuithe:

2. Ról OLAF – imscrúduithe riaracháin agus comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) 

Sna rialacháin agus comhaontuithe seo a leanas, sainmhínítear príomhról agus cúraimí na hOifige chun a cuid imscrúduithe riaracháin a chur i gcrích. Déanann OLAF imscrúduithe (maidir le leasanna airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh) sna Ballstáit agus imscrúduithe i ndáil le foireann institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Leis na leasuithe is déanaí, déantar foráil maidir le dlúthchomhar le OIPE bunaithe ar chomhlántacht, malartú faisnéise agus neamhdhúbláil iarrachtaí. Le Rialachán athbhreithnithe OLAF, neartaítear freisin an bealach ar féidir le OLAF a imscrúduithe féin a dhéanamh trí rialacha a chuíchóiriú maidir le seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair, rialacha a sholáthar maidir le rochtain ar fhaisnéis cuntas bainc agus ráthaíochtaí níos láidre a chinntiú le haghaidh daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF.

3. Reachtaíocht chothrománach de chuid an Aontais um sheiceálacha/iniúchtaí ar an láthair sna Ballstáit

4. Reachtaíocht earnálacha de chuid an Aontais Eorpaigh

 Tá forálacha maidir le neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath sna rialacháin seo a leanas:

5. Fógra faoi neamhrialtachtaí agus cistí a mí-úsáideadh a fháil ar ais

An CBT a mhaoiniú:

Cistí Struchtúracha na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh:

An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí:

Cistí Gnóthaí Baile:

6. Comhchuibhiú dhlí coiriúil an Aontais Eorpaigh

Coinbhinsiúin maidir le comhchuibhiú dhlí coiriúil an Aontais Eorpaigh

  • Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint: Coinbhinsiún AE an 26 Iúil 1995 agus na trí phrótacal a ghabhann leis (“Coinbhinsiún PIF agus na prótacail a ghabhann leis”):

1) An 1ú Prótacal
2) An 2ú Prótacal agus a thuarascáil mhínitheach
3) Prótacal maidir le hinniúlacht na Cúirte Breithiúnais

Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an tslí ar chuir na Ballstáit Coinbhinsiún an Aontais Eorpaigh an 26 Iúil 1995 agus a phrótacail ghaolmhara chun feidhme:

a) tuarascáil 2004 agus iarscríbhinn
b) tuarascáil 2008 agus iarscríbhinn

Tabhair faoi deara: i gcás na mBallstát uile, ach amháin an Danmhairg, gabhfaidh Treoir PIF ionad Choinbhinsiún PIF (féach thíos). Leanfaidh d’fheidhm a bheith ag Coinbhinsiún PIF maidir leis an Danmhairg, agus maidir léi sin amháin. Ní mór Treoir PIF a chur chun feidhme faoi mhí Iúil 2019.

An Treoir maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (‘Treoir PIF’)

Na Ballstáit a bhfuil an Treoir ina ceangal orthu (is é sin na Ballstáit uile ach amháin an Danmhairg), tá dhá bhliain acu (go dtí Iúil 2019) chun é a thrasuí. Ina dhiaidh sin, gabhfaidh an Treoir ionad an Choinbhinsiúin agus a phrótacal i gcás na mBallstát sin a bhfuil sí ina ceangal orthu, ach i gcás na Danmhairge, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag an gCoinbhinsiún.

7. Socruithe Oibre

8. Comhaontuithe le tríú páirtithe

Comhaontuithe le tríú páirtithe ina bhfuil forálacha maidir le cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair a bhaineann le custaim

9. Bearta custaim frith-chalaoise sna córais taraifí fabhracha

Is féidir fabhair taraife le haghaidh earraí a chur ar fionraí faoi chlásal frith-chalaoise más rud é:

  • go bhfuil calaois ar mhórscála nó neamhrialtacht mhór ann, nó
  • nach bhfuil an comhar idir na páirtithe lena mbaineann éifeachtach go leor chun dul i ngleic mar is ceart le sárú ar an reachtaíocht chustaim.

Bíonn clásail frith-chalaoise ceaptha chun dul i ngleic leis an trádáil aindleathach trí chosc a chur ar mhí-úsáid fabhar taraife. Tacaíonn siad le trádálaithe dlisteanacha trí dheireadh a chur le hiomaíocht mhíchuí éagórach.

Bronnann an tAontas Eorpach fabhair tharaife ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad ar an gcoinníoll go mbíonn bearta iomchuí frith-chalaoise ag gabhail leis na fabhair sin. Tá an prionsabal sin leagtha amach i ndoiciméid bheartais atá glactha ag an gCoimisiún, an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Dá bhrí sin, tá clásail frith-chalaoise ag gabháil leo seo ar fad:

  • gach córas féinrialaithe, amhail Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP), a chlúdaíonn thart ar 76 thír (in 2018).
  • gnáthshocruithe taraifí fabhracha, i.e. comhaontuithe saorthrádála nó comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch, a chlúdaíonn níos mó ná 45 thír bhreise.

Tugtar ainmneacha éagsúla ar chlásail frith-chalaoise, e.g.:

  • Forálacha speisialta maidir le comhar riaracháin (sa chomhaontú saorthrádala leis an gColóim, Peiriú agus Eacuadór; agus, ar theacht i bhfeidhm dóibh, le Meicsiceo)
  • Forfheidhmiú córa fabhraí (an tSile)
  • Mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar (Montainéagró)
  • Bearta sonracha a bhaineann le cóir fhabhrach a bhainistiú (Vítneam, agus ar theacht i bhfeidhm dóibh, an tSeapáin).

Liosta de chlásail frith-chalaoise

10. Cásdlí

Liosta de na rialuithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le OLAF