Cosán nascleanúna

Uirlisí breise

Faoin suíomh seo - Do Ghuthsa san Eoraip - An Coimisiún Eorpach

Cén fáth a cuireadh an suíomh seo ar bun?

Cuireadh Do ghuthsa san Eoraip ar bun i gcomhthéacs an tionscnaimh Beartais Idirghníomhacha a Cheapadhpdf. Mar chuid de Chaighdeáin Íosta Comhairliúcháinpdf an Choimisiúin, is é atá mar aidhm aige rialachas Eorpach a fheabhsúpdf agus rialú níos fearrpdf a thabhairt isteach.

Cén fáth ná fuil gach faisnéis i mo theangasa?

Tá an suíomh gréasáin seo ar fáil i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar fad. D'fhéadfaí tú a dhíriú chuig suíomhanna gréasáin eile an Choimisiúin Eorpaigh, ámh, tar éis cliceáil ar mhíreanna áirithe ná fuil ar fáil ach i líon teoranta teangacha – de bharr cúiseanna éagsúla. Go háirithe, ní gá go bhfoilseofaí i ngach teanga doiciméid chomhairliúcháin atá dírithe ar lucht féachana speisialaithe. Tá freagraí, áfach, inghlactha i dteangacha uile an AE, seachas sa chás go maítear a mhalairt go sonrach sna doiciméid chomhairliúcháin féin.

Fógra dlí

Is faoi réir ag séanadh, ag fógra cóipchirt agus ag na rialachán a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a thugtar an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo.

Ag © Ioannis Kounadeas atá cóipcheart na n-íomhánna carachtar ar “Do Ghuthsa san Eoraip” agus ceadúnaítear trí Fotolia iad.