Cosán nascleanúna

Uirlisí breise

  • Leagan cló  
  • Laghdaigh téacs 
  • Méadaigh téacs  

Car registration

Foirmiúlachtaí

Barr

Teastaíonn uaim gluaisteán a cheannach sa Ghearmáin agus é a thabhairt abhaile chuig an Ollainn chun é a chlárú. An gá dom an CBL a íoc faoi dhó agus í a éileamh ar ais?

NÍ GÁ — inis don díoltóir Gearmánach go bhfuil tú chun an gluaisteán a chlárú i dtír eile. Ansin ní íocfaidh tú CBL ach san Ollainn amháin.

Cén uair agus cá háit

Barr

Caithim leath den tseachtain sa tír a bhfuil cónaí orm inti agus an leath eile ag obair i dtír AE eile. Tiomáinim chuig an tír eile sin. Cá háit ar chóir dom mo ghluaisteán a chlárú?

Má tá tú ag déanamh comaitéireachta rialta mar seo, féadann tú an gluaisteán a choinneáil cláraithe i do thír chónaithe.

Barr

Is Iodálach mé. Gach bliain caithim trí mhí ar saoire i mo dara theach in Alpa na Fraince agus tógaim mo ghluaisteán liom. An féidir liom mo ghluaisteán a chlárú sa Fhrainc?

NÍ FÉIDIR — ní féidir leat do ghluaisteán a chlárú ach sa tír a bhfuil tú i do bhuanchónaí inti.

Barr

Is saoránach Slóvacach mé. Má cheannaím gluaisteán nua san Ungáir, an gá dom é a chlárú ansin?

NÍ GÁ — féadann tú plátaí clárúcháin a fháil ón tSlóvaic ar bhonn an deimhnithe comhréireachta sula rachaidh tú chuig an Ungáir agus ansin féadann tú tiomáint abhaile agus na plátaí sin in úsáid agat.

Barr

Is saoránach Slóvacach mé. Má cheannaím gluaisteán athláimhe san Ungáir, an gá dom é a chlárú ansin?

NÍ GÁ — féadann tú plátaí clárúcháin a fháil ón tSlóvaic ar bhonn na cáipéise clárúcháin Ungáraí atá bunaithe ar an tsamhail Eorpach chomhchuibhithe, agus ar bhonn deimhnithe iniúchta theicniúil bhailí, sula rachaidh tú chuig an Ungáir agus ansin féadann tú tiomáint abhaile agus na plátaí sin in úsáid agat.

Barr

Is mac léinn Polannach mé atá cláraithe do chúrsa Máistreachta dhá bhliain sa RA. An gá dom mo ghluaisteán a chlárú ansin?

NÍ GÁ — más é cuspóir amháin do sheala sa tír sin staidéar a dhéanamh.

IS GÁ — má thosaíonn tú ag obair sa tír sin le linn do sheala inti.

Barr

Táim ag obair i dtír AE eile ar conradh sealadach deich mí, agus ina dhiaidh beidh mé ag filleadh abhaile. An gá dom mo ghluaisteán a chlárú sa tír sin?

IS GÁ — mar tá tú chun níos mó ná sé mhí a chaitheamh inti.