AN COIMISIÚN EORPACH

Bíodh teacht agat do chearta mar phaisinéir, is cuma cá bhfuil tú.

Paisinéirí a fhágtar gan eitilt ag aerfort, nó a bhíonn ag feitheamh ar bhagáiste atá imithe amú, tá feidhmchlár fón póca saor in aisce ann anois le go bhfeicfidh siad láithreach cad iad na cearta atá acu.

Feidhmchlár é seo a sheol an Coimisiún Eorpach i dtaca le haerthaisteal agus taisteal ar iarnród; leathnófar an feidhmchlár go dtí iompar bus/cóiste agus go hiompar ar uisce sa bhliain 2013.

Oireann an feidhmchlár do cheithre cinn d'ardáin choitianta póca: Apple iPhone agus iPad, Google Android, RIM Blackberry agus Microsoft Windows Phone 7.

Chun tuilleadh a fháil amach faoin bhfeidhmchlár agus é a íoslódáil roghnaigh cineál do ghléis: