Do chearta mar phaisinéir
nuair a bhíonn tú ag taisteal ar an traein

Cúnamh do dhaoine nach bhfuil lúth na gcos acu
Cuirfidh cuideachtaí iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin cúnamh ar fáil duit nuair a bheidh tú ag dul isteach i dtraenacha idirnáisiúnta. Ba cheart duit fógra 48 uair an chloig ar a laghad a sholáthar go mbeidh tú ag taisteal, ar an modh cumarsáide (m.sh. uimhir fóin, láithreán gréasáin....) a mholann an chuideachta iarnróid. De ghnáth beidh cúnamh le fáil agat ag nascstáisiúin agus ag stáisiún do cheann scríbe.

Cad ba cheart duit a dhéanamh má chreideann tú gur sáraíodh do chearta mar phaisinéir?
Má mheasann tú go bhfuil do theidlíochtaí sáraithe faoi chearta um phaisinéirí iarnróid:
- Ba cheart dul i dteagmháil ar dtús leis an chuideachta iarnróid nó bainisteoir stáisiúin.
- Mura bhfuil tú sásta lena fhreagra, is féidir leat gearán a dhéanamh le Comhlacht Forfheidhmithe Náisiúnta (CFN).
NÓTÁIL: Ba cheart gearáin a dhéanamh sa tír inar tharla an eachtra.


