Do chearta mar phaisinéir
nuair a bhíonn tú ag taisteal le haeriompar

Cealú
Tá tú i dteideal an cúiteamh céanna a fháil agus an cúiteamh a gheofá dá mbeadh bordáil diúltaithe duit freisin, mura raibh tú ar an eolas faoin gcealú 14 lá ar a laghad roimh an eitilt, nó má athródaíodh tú thart ar na hamanna bunaidh agat, nó murar féidir leis an aerlíne a chruthú gur tharla an cealú de thoradh imthosca urghnácha.
Ina theannta sin, ní mór don aerlíne an rogha a thairiscint duit idir:
- do thicéad a aisíoc laistigh de sheacht lá;
- athródú a dhéanamh duit go dtí do cheann scríbe deireanach faoi choinníollacha comhchosúla;
- agus más gá, cúram (glao gutháin, sólaistí, bia, lóistín, modh taistil chuig an lóistín).

Cad ba cheart duit a dhéanamh má chreideann tú gur sáraíodh do chearta mar phaisinéir?
Má mheasann tú go bhfuil do theidlíochtaí sáraithe faoi reachtaíocht um chearta aerphaisinéirí:
- Ba cheart dul i dteagmháil leis an aerlíne ar dtús nó - maidir le daoine faoi mhíchumas luaineachta - an t-aerfort.
- Mura bhfuil tú sásta lena fhreagra, is féidir leat gearán a dhéanamh le Comhlacht Forfheidhmithe Náisiúnta (CFN).
NÓTÁIL: Ba cheart gearáin a dhéanamh sa tír inar tharla an eachtra.

