Commission européenne


Leagan priontáilte Decrease text Increase text

 

Clár cáipéisí an Choimisiúin

 

Cabhair

1) Cuardach

 

Is féidir teanga an chláir a roghnú sa chúinne go hard ar dheis sa roghchlár anuas i leathanaigh an chláir.  Is féidir í a athrú aon am, bíodh duine ar an leathanach fáilte, ar scáileán an chuardaigh, ar leathanach na dtorthaí nó ar leathanaigh na faisnéise. 

Ceadaíonn scáiléan an chuardaigh eolas a chuardach ar a lán slite; nuair a scríobhtar critéir an chuardaigh ar scáiléan an chuardaigh, ní mór gliogáil ar « Cuardaigh ». 

1.1 Cuardach faoi thagairt don cháipéis

 

Chun an saghas seo cuardaigh a dhéanamh, is gá cineál na cáipéise, bliain na cáipéise agus/nó a huimhir.   

            Cabhair faoi chineálacha na gcáipéisí  

Aithnítear cáipéisí an Choimisiúin trí chód ina mbíonn cineál na cáipéise, an bhliain a cruthaíodh í (i gceithre fhigiúr) agus a huimhir.  Seo na cineálacha éagsúla cáipéisí dá dtagraítear i gclár cháipéisí an Choimisiúin

Cáipéisí C                     Cáipéisí a bhaineann le gníomhartha oifigiúla as a bhfuil an Coimisiún féin freagrach.  Cuirtear cuid acusan chuig an gComhairle nó chuig an bParlaimint mar eolas. 

Cáipéisí  COM             Tograí ar reachtaíocht is scéala eile ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus/nó chuig na hinstitiúidí eile, agus obair ullmhúcháin dóibh.  Cáipéisí ón gCoimisiún a díríodh ar na hinstitiúidí eile (tograí ar reachtaíocht, scéala, tuarascálacha ... srl.)

OJ             Cláir chruinnithe an Choimisiúin

PV             Miontuairiscí chruinnithe an Choimisiúin

SEC           Cáipéisí nach mbaineann le haon chatagóir eile

 

Is féidir cuardach faoi "cineál cáipéise" nó "dáta" a dhéanamh níos mine ach tréimhse idir dhá dháta a chur isteach agus/nó seirbhís atá freagrach a roghnú sa roghchlár anuas

Cabhair faoi sheirbhísí an Choimisiúin  

Gnóthaí geilleagracha agus airgeadais

Gnóthaí muirí agus an iascaigh

Talmhaíocht agus forbairt na tuaithe

Cabhair Dhaonnúil

Buiséad

Comhlárionad an taighde

Tráchtáil

Cumarsáid

Iomaíocht

Forbairt

Oideachas agus cultúr

Méadú

Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus comhdheiseanna

Fuinneamh agus iompar

Fiontair agus tionsclaíocht

Comhshaol

Eurostat

Cánachas agus aontas custaim

Ateangaireacht

Ceartas, saoirse is slándáil

Margadh inmheánach agus seirbhísí

Oifig na bhFoilseachán

Oifig Eorpach chun calaois a chomhrac

Foireann agus riarachán

Iascach agus gnóthaí muirí 

Beartas réigiúnach

 

1.2 Cuardach faoi fhocail an teidil  

 

            Ar shlabhraí carachtar agus ní ar fhocail a bhraitheann an cuardach.  Mar shampla, tiocfaidh cuardach faoi "25" ar gach cur síos ar cháipéis ina bhfuil "25", ina measc, mar shampla, "250" nó "1257/96".

Ar chúiseanna feidhmíochta, teorainnítear líon na bhfcal go trí cinn.  Níl tábhacht le hord na bhfocal.  Tá tábhacht le sínte fada.

Mar réamhshocrú, cuardófar na teidil i ngach teanga.  Is féidir teanga ar leith a shainiú sa roghchlár anuas "Teanga"; sa chás sin teorainneofar an cuardach do theidil sa teanga sin. 

Aire:  mura mbíonn an focal in aon teidil cáipéise sa teanga a roghnaíodh, ní thabharfaidh an cuardach aon toradh, fiú má bhíonn an focal sin i dteidil cáipéisí i dteangacha eile.

Mar réamhshocrú úsáidfidh an cuardach na focail uile a roghnaíodh, ach tá rogha ann "focal amháin ar a laghad". 



2) Taispeáint na dtorthaí   

 

Sna leathanaigh a thaispeánann na torthaí, tá rogha ar fáil faoi líon na dtorthaí in aghaidh an leathanaigh, rangú na dtorthaí faoi chód nó faoi dháta, ord aníos nó anuas. 

Faightear gach athrú trí ghliogáil ar an deilbhín  

Uimhrítear na leathanaigh éagsúla taispeána ó 1 go  X…. Is féídir dul ó leathanach taispeána go leathanach ach gliogáil ar uimhir an leathanaigh nó ar na saigheada StartBack 

nó  NextEnd  

Agus tú ar leathanach na dtorthaí tig leat teacht ar ais ar scáileán an chuardaigh aon uair ach gliogáil ar an nasc:  "Athraigh critéir an chuardaigh".

Tugann gach toradh uimhir na cáipéise, a dáta agus a teideal (más féidir, sa teanga a roghnaíodh, nó i dteanga a réamhshocraíodh).  

Do gach toradh, is féidir, ag brath ar an gcás,   

·        Gliogáil ar nasc an tsuímh ghréasáin ag an Ard-Stiúrthóireacht is chef de file

·        Do leaganacha deiridh na gcáipéisí, gliogáil ar an nasc chuig EURLEX (mar a mbeidh gach leagan teanga na cáipéise dá dtagrítear ar fáil) nó ar nasc EN/FR do chláir is do mhiontuairiscí chruinnithe an Choimisiúin. 

·        Bíonn an tagairt /F ag deireadh an chóid ag formhór na gcáipéisí a críochnaíodh.  Léiríonn tagairtí /1, /2, /3 srl. Leaganacha eatramhacha, neamhchríochnaithe, na cáipéise céanna.  

·        Do gach cáipéis nach poiblí nó nár foilsíodh, faigh an fhoirm iarratais trí ghliogáil ar an deilbhín  Comment obtenir un document de la Commission

·        Gliogáil ar an nasc chuig PRELEX chun teacht ar an gcomhad PRELEX a fhreagraíonn don cháipéis dá dtagraítear.