Cosán nascleanúna

Comórtas 2013

Le linn chomórtas 2013, cuireadh ar a súile do bhreis agus 3,000 déagóir ó cheann ceann na hEorpa cé chomh dúshlánach agus chomh tarraingteach atá an t-aistear ó theanga amháin go teanga eile.

 

 

 

2013

B'ionann agus scríbhneoirí is bleachtairí na daoine óga nuair a chuaigh siad i mbun aistriúcháin ar na téacsanna agus bhí orthu dul i ngleic leis an rúndiamhair agus an chaolchúis is dual do theanga.
B'éigean do na haistritheoirí óga péire amháin teangacha a roghnú as an iliomad féidearthachtaí éagsúla a thugann na ceithre theanga is fiche atá oifigiúil san AE. B'shin rogha idir 552 bóthar teanga ab fhéidir leo a thaisteal, idir phríomhbhóithre agus chúlbhóithre; déanaimid cúram de gach aon cheann de na bóithre sin, rud a fhágann gur fiú go mór an t-aistear.

naisc ghaolmhara: