Tig leat do ghearán a chur isteach chuig SOLVIT ar an bhfoirm ghearáin ar lÍne (gliogáil anseo, le do thoil) ar líne
sula gcuireann tÚ cás isteach chuig SOLVIT, lÉigh an t-eolas seo go cúramach, le do thoil:
-
Moltar duit an ráiteas príobháideachta mar gheall ar do shonraí pearsanta a léamh sular gcuireann tú isteach iad.
-
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil aon tionchar ag cás a chuir tú isteach chuig SOLVIT más gá cloí le spriocanna faoin dlí náisiúnta. Mar shampla, nuair a chedaíonn an dlí náisiúnta duit achomharc i gcoinne cinneadh riaracháin laistigh de trí mhí, tig leat gearán le SOLVIT faoin gcinneadh ach ba cheart duit achomharc laistigh den sprioc mura mian leat an ceart foirmeálta sin a chailleadh.
-
Ní líonra do chomhairle dlí nó eolais é SOLVIT.
(I gcomhair eolais nó comhairle faoi do chearta san Eoraip, gliogáil anseo. Más saoránach atá ag lorg comhairle faoi do chearta tú, aistreoimid do cheist chuig ár líonra comhpháirtí D'Eoraip – Comhairle)
-
Ní phléann SOLVIT le fadhbanna idir ghnóthais nó idir thomhaltóirí agus gnóthais, nó le gearáin faoi fhorais na AE.
(Do líonraí a phléann le fadhbanna lasmuigh d'éirim SOLVIT gliogáil anseo)
-
más fearr leat r-phost, facs nó post a úsáid, gheobhaidh tú an fhoirm agus na seoltaí anseo.
Ráiteas beartais ar láimhseáil cásanna ó idirghabhálaithe
Tá seirbhísí SOLVIT saor in aisce. Pléifidh SOLVIT le gearáin ó shaoránaigh, ó ghnólachtaí nó ó idirghabhálaithe ag gníomhú ar a son. Má ghearrann na hidirghabhálaithe táille as a seirbhísí, féadfaidh SOLVIT seasamh air go n-inseofar don chliant gur úsáideadh seirbhís shaor in aisce SOLVIT, agus teagmháil dhíreach leis an gcliant a iarraidh. Thairis sin, más dlíodóir an t-idirghabhálaí, féadfaidh SOLVIT seasamh air go gcuirfear anailís dhlíthiúil le haon ghearáin, maille le cur síos iomlán ar na fíricí lena mbaineann. Féadfaidh SOLVIT diúltú glacadh le cásanna mura gcomhlíonfar na critéir seo, nó mura féidir iad a chomhlíonadh.