Cosán nascleanúna

Cearta pinsin

Cearta pinsin iomlána bronnta ag an nGréig ar náisiúnach Bulgárach

Dhiúltaigh údaráis na Gréige cuid dá chearta pinsin a thabhairt do náisiúnach Bulgárach a bhí tar éis a bheith ag obair sa Bhulgáir agus sa Ghréig.

Shoiléirigh SOLVIT an cheist leis na húdaráis phinsin sa dá thír, rud a fhág go raibh an t-éilitheoir in ann a phinsean iomlán a fháil.

Réitíodh an fhadhb laistigh de 6 seachtaine.

Tuilleadh eolais faoi: Cearta pinsin san AE


Urramaíodh cearta pinsin ó thíortha éagsúla

Bhí náisiúnach Ungárach tar éis a bheith ag obair ar feadh 20 bliain sa Rómáin agus ar feadh 18 mbliana san Ungáir. Agus é ag druidim le haois scoir, chuir sé isteach ar a phinsean san Ungáir.

D'iarr údaráis na hUngáire ar údaráis na Rómáine a chearta pinsin a ríomh do na blianta a chaith sé ag obair ansin. Ar feadh bliana beagnach, ní bhfuair siad freagra ar bith, cé gur seoladh roinnt meabhrúchán.

Ach a bhuí le hidirghabháil ionad SOLVIT na Romáine, sheol údarás pinsin na Rómáine an cinneadh maidir leis na cearta pinsin Rómánacha chuig údaráis na hUngáire.

Leis sin réitíodh an fhadhb agus bhí an pinsinéir Ungárach in ann taitneamh a bhaint as dul ar scor.

Réitíodh an fhadhb laistigh de 2 seachtaine.

Tuilleadh eolais faoi: Cearta pinsin san AE