Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

16/12/2016
Ciste Sóisialta na hEorpa – Ag déanamh infheistíochta i ndaoine

Ciste Sóisialta na hEorpa – Ag déanamh infheistíochta i ndaoine

Déantar cur síos sa bhróisiúr seo ar mar a thacaíonn tionscadail de chuid Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) le daoine a d’fhéadfadh nach mbeadh an deis acu murach sin chun dul faoi oiliúint, cáilíochtaí a bhaint amach agus poist mhaithe a aimsiú. Mar gheall ar a mhéid agus a raon feidhme, tá tionchar mór ag an gCiste ar an margadh saothair agus ar an tsochaí i gcoitinne. I roinnt tíortha, is ó CSE a thagann thart ar 90 % den chaiteachas iarbhír ar bhearta a bhaineann leis an margadh saothair. Is é an Ciste príomhionstraim AE chun a spriocanna a chomhlíonadh i dtaobh borradh a chur faoin bhfostaíocht, an bhochtaineacht a laghdú agus feabhas a chur ar ghnóthachtáil oideachasúil ar fud an Aontais.

Mínítear san fhoilseachán conas mar a fheidhmíonn CSE, cuirtear i láthair torthaí atá bainte amach go dtí seo sa tréimhse cistithe 2007-2013 agus roinnt samplaí den chaoi inar chuidigh sé le roinnt de na milliúin duine lena dtacaíonn sé gach uile bhliain.

Catalóg N. : KE-04-16-807-GA-N

Ar fáil ar shuíomh  EU Publications

An leathanach seo a chomhroinnt: