Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Maoiniú

Cuireann an Coimisiún Eorpach maoiniú ar fáil do thionscadail a bhaineann le fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú sóisialta trí na cláir seo a leanas.

Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+)

Maoiníonn CSE+ tionscadail a dearadh le cabhrú le daoine a gcuid scileanna oibre agus ionchas ar phost a fheabhsú. Chun iarratas a chur isteach, ba cheart d’eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha dul i dteagmháil le húdaráis bhainistíochta CSE+ ina dtír féin. Socraíonn an Coimisiún tosaíochtaí don mhaoiniú, ach níl aon bhaint dhíreach aige le roghnú na dtionscadal.

Tuilleadh eolais faoi CSE+
CSE+ i do thír

Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD)

Oibrithe a rinneadh iomarcach de dheasca na bpátrún domhanda trádála a bheith ag athrú, cabhraíonn CECD leo post nua a fháil chomh tapa agus is féidir. Maidir le daoine aonair nó le cuideachtaí a ndéanann an iomarcaíocht difear dóibh, ba cheart dóibh dul i dteagmháil lena n-údaráis náisiúnta más rud é go bhfuil siad ag iarraidh iarratas a chur isteach ar mhaoiniú.

Tuilleadh eolais faoi CED

Maoiniú 2021-2027

Mhol an Coimisiún Ciste Sóisialta na hEorpa de shaghas níos simplí agus níos comhtháite (CSE+) agus leagan athbhreithnithe den Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED). Tá na nithe sin ar na tograí atá ullmhaithe ag an gCoimisiún do chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, a glacadh an 2 Bealtaine 2018. Tá na tograí á bplé faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI)

Is ionstraim mhaoiniúcháin ar an leibhéal Eorpach é Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta, ionstraim atá á bainistiú go díreach ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú le fostaíocht, beartas sóisialta agus soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais. Chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú, caithfidh eagraíochtaí atá incháilithe freagra a thabhairt ar ghlao ar thairiscintí agus/nó ar ghlao ar thograí.

Tuilleadh eolais faoi EaSI

An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD)

Cabhraíonn an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) le tíortha an Aontais cúnamh nithiúil a thabhairt do na daoine is díothaí. Is iad na húdaráis náisiúnta a roghnaíonn na heagraíochtaí a oibreoidh i gcomhar leo chun an cúnamh a dháileadh, agus is ar bhonn cláir náisiúnta don tréimhse 2014-2020 arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún a dhéantar sin.

Tuilleadh eolais faoi FEAD

Sainphribhléidí: an t-idirphlé sóisialta agus inniúlachtaí sonracha eile

Tacaíonn an Coimisiún le tionscadail i réimse an idirphlé shóisialta agus an chaidrimh thionsclaíoch atá mar chuid de ‘Shainphribhléidí’ an Choimisiúin, nó i bhfocail eile, tascanna arb iad is toradh do chumhachtaí sonracha a thugtar go díreach leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuireann an Coimisiún na sainphribhléidí sin i bhfeidhm trí thairiscintí sonracha agus glaonna ar thograí sna réimsí seo a leanas:

  • Saorghluaiseacht oibrithe, scéimeanna slándála sóisialta a chomhordú agus bearta d’imircigh
  • Beartas sóisialta, an t-idirphlé sóisialta sóisialta san áireamh, lena dtacaítear le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag comhpháirtithe sóisialta Eorpacha chun an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chomhaontú, fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí anailíseacha i réimse an chaidrimh thionsclaíoch san áireamh
  • Staidéir ar an staid shóisialta, ar dhéimeagrafaíochtaí agus ar an teaghlach agus anailís ar na staidéir sin chun freagairtí beartais níos fearr a chur chun cinn sna Ballstáit
  • Bearta faisnéise agus oiliúna maidir le heagrú oibrithe, malartú trasnáisiúnta faisnéise agus dea-chleachtais i dtaca le cúrsaí atá ábhartha don idirphlé sóisialta ar leibhéal na cuideachta.

Tá cláir oibre bhliantúla na Sainphribhléidí le fáil ar líne.

Tuilleadh eolais faoin idirphlé sóisialta

Maoiniú atá gaolmhar

An leathanach seo a chomhroinnt: