Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Nuacht 16/12/2010

An comhrac i gcoinne daibhris is eisiata shóisialta a threisiú

Leagann an plean nua straitéis amach chun 20m duine a thabhairt as daibhreas - sprioc AE do 2020.

Tá níos mó ná 80m duine san AE i mbaol daibhris, agus d'éirigh an fhadhb níos measa de thoradh na géarchéime geilleagraí - is ar na daoine is leochailí a bhí an tionchar is measa. Chun sprioc 2020 an AE a bhaint amach, caithfimid tosú ar an obair láithreach bonn.

Spreagfaidh an Clár Eorpach i gcoinne daibhris is eisiata shóisialta English bealaí nua oibrithe agus cabhróidh sé le rialtais is gníomhaithe eile modhanna níos éifeachtaí is nuálaí a fhorbairt chun daibhreas a chomhrac.

Cé gur ar na ballstáit go príomha atá an fhreagracht daibhreas a chomhrac, is mór a chabhraigh cur chuige agus spriocanna uile-AE le beartais náisiúnta a dhéanamh níos éifeachtaí i réimsí ar nós daibhreas leanaí agus easpa dídine.

Anois ba mhaith leis an gCoimisiún nuáil i mbeartas sóisialta a chur chun cinn, ag úsáid tionscadal beag chun leasuithe nó beartais nua a luacháil. Is í an aidhm go bhfoghlaimeoidh tíortha an AE ó thaithí a chéile, agus ar deireadh thiar mionathruithe a dhéanamh ar a mbeartais shóisialta ionas go mbeidh tionchar níos mó acu.

Beidh raon tionscnamh sna blianta le teacht - go háirithe in 2011-12, lena n-áirítear comhordú faoi bheartas deonach agus faisnéis a roinnt, reachtaíocht nua agus maoiniú tionscadal. Díreofar gníomhuithe sonracha ar na daoine is mó atá i mbaol, lena n-áirítear daoine óga, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí mionlaigh ar nós na Romach.

Ní hionann daibhreas a chomhrac agus níos mó airgid a chaitheamh. Is í an phríomhaidhm ná leasuithe a bhogadh i dtreo tuilleadh éifeachtachta. Ba chóir go gcabhródh an díriú láidir ar thurgnaimh agus ar nuáil sóisialta leis an AE agus lena bhaill an réimse a aithint ina mbeidh an tionchar is mó ag acmhainní.

Ceiliúrann na tionscnaimh sin tús céime nua do bheartais cuimsithe shóisialta an AE, agus bainfidh siad tairbhe as an bhfuinneamh a chruthaigh an Bhliain Eorpach 2010 i gcoinne daibhris is eisiata shóisialta.

D'úsáid an feachtas bliana gach earnáil sa tsochaí agus chabhraigh sé le daibhreas a choimeád mar phríomhábhar ar an gclár polaitiúil, le breis is 700 tionscadal in 29 tír.

An leathanach seo a chomhroinnt: