Cosán nascleanúna

Additional tools

Cuardach Casta

Ardár Eorpach i gcoinne daibhris is eisiata shóisialta

Agus breis is 80 milliún duine i mbaol daibhris san AE – lena n-áirítear 20 milliún leanaí agus 8% den phobal infhostaithe – leagtar amach sa Chlár Eorpach i gcoinne daibhris is eisiata shóisialta gníomhaíochtaí chun sprioc an AE a bhaint amach, .i. daibhreas is eisiamh sóisalta a laghdú faoi bhun 20 milliún roimh 2020.

Arna sheoladh dó in 2010, is cuid den straitéis Eoraip 2020 d'fhás cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach é an t-ardán.

Modhanna

Cé gurb iad na rialtais náisiúnta go príomha atá freagrach as daibhreas is an eisiamh sóisialta a chomhrac, tig leis an AE ról comhordaithe a ghlacadh:

  • trí na nósanna is fearr a shainaithint agus trí chomhfhoghlaim a chur chun cinn
  • trí rialacha uile-AE a bhunú
  • trí chistiú a chur ar fáil

Príomhghníomhaíochtaí

  • Rochtain níos fearr ar obair, leas sóisialta, seirbhísí riachtanacha (cúram sláinte, tithíocht, srl.) agus oideachas
  • Úsáid níos fearr a bhaint as cistí an AE chun tacú le cuimsiú sóisialta agus chun idirdhealú a chomhrac
  • Nuáil shóisialta chun teacht ar réitigh chliste san Eoraip tar éis na géarchéime, go háirithe i dtaca le tacaíocht shóisialta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla
  • Comhpháirtíochtaí nua idir an pobal agus an earnáil phríobháideach

    Páirtigh

  • Twit it Twit it Roinn ar Facebook Roinn ar Facebook Scaip ar Google+