Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Additional tools
Tugann an Coimisiún Eorpach maoiniú as tionscadail a bhaineann le fostaíocht, le gnóthaí sóisialta is le cuimsiú sóisialta trí na cláir seo a leanas.
Maoiníonn an CSE tionscadail le cabhrú le daoine a gcuid scileanna oibre agus ionchas ar phost a fheabhsú. Le cur isteach, ba cheart d'eagrais phoiblí is phríobháideacha dul i dteagmháil le húdaráis bhainistíochta CSE ina dtír féin. Socraíonn an Coimisiún tosaíochtaí don mhaoiniú, agh níl aon bhaint dhíreach aige le roghnú na dtionscadal.
Breis i dtaobh an CES
An CSE i do thírse
Tacaíonn PROGRESS le hobair ar bheartais a fhorbairt maidir le fostaíocht, coinníollacha oibre, comhionannas inscne, cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta, neamh-idirdhealú agus éagsúlacht.
Le cur isteach ar mhaoiniú, ní mór d'eagrais incháilithe - ina measc údaráis phoiblí, forais oideachais is taighde, eagrais fostóirí agus ENRanna - freagairt ar ghlao ar thairiscintí nó ar ghlao ar thograí.
Breis i dtaobh an chláir PROGRESS
Cabhraíonn an CECD le hoibrithe a rinneadh iomarcach de dheasca na bpátrún domhanda trádála a bheith ag athrú chun post nua a fháil chomh tapa agus is féidir. Ba cheart do dhaoine ar leith nó do chuideachtaí atá faoi thionchar iomarcaíochta dul i dteagmáil lena n-údaráis náisiúnta más fúthu cur isteach ar mhaoiniú.
Bhunaigh an tAontas Eorpach saoráid nua um micrimhaoiniú a thugann micri-chreidmheas do mhionghnóthais is do dhaoine a chaill a bpost is a bhfuil fúthu mionghnóthas a bhunú.
Breis faoi Mhicrimhaoiniú Foráis
Tugann an IPA cúnamh airgid do thíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha chun na leasuithe polaitiúla is institiúideacha is gá do bhallraíocht san AE a thabhairt isteach.
Rud is sainiúla, bíonn rannóg um Acmhainní Daonna a fhorbairt san IPA ag ullmhú tíortha le cistí CSE a chláreagrú, a bhainistiú is a chur chun feidhme. Ar nós an CSE, cabhraíonn an IPA chun scileanna a fheabhsú, breis post agus poist níos fearr a chruthú, agus cur le cuimsiú sóisialta is le comhionannas.