Cosán nascleanúna

Nuacht rss

Mí an Mhargadh Aonair: smaointe a roinnt ar líne d'fhonn dul i bhfeidhm ar an Eoraip

19/09/2013 Mí an Mhargadh Aonair: smaointe a roinnt ar líne d'fhonn dul i bhfeidhm ar an Eoraip

An 23 Meán Fómhair seolfar feachtas míosa a ndéanfar poist, bainc, cearta sóisialta agus ríomhthráchtáil a phlé ar líne lena linn. Déanfaidh daoine aonair, eagraíochtaí agus lucht déanta beartais smaointe a roinnt lena chéile a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an Eoraip.

Tá díospóireacht ollmhór ar líne á heagrú ag an AE ar fud na hEorpa ón 23 Meán Fómhair go dtí an 23 Deireadh Fómhair: le smaointe na saoránach a chloisteáil a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar thodhchaí an Mhargaidh Aonair.

Reáchtálfar Mí an Mhargaidh Aonair ar líne in 24 teanga thar thréimhse ceithre seachtaine i ndiaidh a chéile. Pléifear beartas éagsúil gach seachtain:

  • Poist (23 - 25 Meán Fómhair): Conas post a fháil, gnó a bhunú, nó aitheantas a fháil ar do cháilíochtaí san Eoraip
  • Cearta sóisialta (30 Meán Fómhair - 2 Deireadh Fómhair): Cearta cosanta sóisialta i Margadh Aonair an AE, pinsin, cúram sláinte, seirbhísí poiblí
  • Bainc (7 - 9 Deireadh Fómhair): Taiscí a chosaint, géarchéim airgeadais eile a chosc, a chinntiú go ndéanann bainc infheistíocht san fhíorgheilleagar le fás a fhorbairt
  • Ríomhthráchtáil (14 - 16 Deireadh Fómhair): Táirgí a dhíol ar líne, tairgí a cheannach agus iad a fháil seachadta ar thír eile, sonraí pearsanta a chosaint ar shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Deis ar leith is ea Mí an Mhargaidh Aonair do na saoránaigh den idirlíon i measc phobal na hEorpa trácht a dhéanamh ar bheartais agus ar straitéisí an Choimisiúin, iad a cheistiú agus iad a bheachtú. Beidh bealaí éagsúla ag na rannpháirithe le dul i bhfeidhm ar lucht déanta beartas:

  • beartais a mholadh a chuirfidh feabhas ar an Margadh Aonair
  • vótáil a dhéanamh agus tuairim a thabhairt faoi mholtaí beartais a chuir daoine eile isteach
  • saineolaithe an AE, Feisirí Eorpacha agus pearsantachtaí eile ón mBruiséil a cheistiú i bplé beo ar líne.

Is féidir smaointe a chur isteach tríd an ardán ar líne. Tá os cionn 300 tuairim ó pháirtithe leasmhara agus ó dhaoine aonair curtha isteach cheana: cárta gairmiúil soghluaiseachta a thabhairt isteach d'altraí, tionscnamh chun tuiscint daoine óga ar chúrsaí airgeadais a fheabhsú, etc.

Is féidir leat vóta a chaitheamh ar na ceisteanna seo agus ar mhórán eile cheana féin, agus beidh tú in ann dul i mbun díospóireachta ar théama éagsúil gach seachtain. Déanfaidh modhnóirí neamhspleácha achoimre ar thorthaí na ndíospóireachtaí sin, agus foilseofar i dtuarascáil deiridh iad a mbeidh sé mar chuspóir aici dlithe don AE amach anseo a chur le chéile.


nuacht eile

    Scaip

  • Twit it Twit it Roinn ar Facebook Roinn ar Facebook Scaip ar Google+