Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
An 23 Meán Fómhair seolfar feachtas míosa a ndéanfar poist, bainc, cearta sóisialta agus ríomhthráchtáil a phlé ar líne lena linn. Déanfaidh daoine aonair, eagraíochtaí agus lucht déanta beartais smaointe a roinnt lena chéile a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an Eoraip.
Tá díospóireacht ollmhór ar líne á heagrú ag an AE ar fud na hEorpa ón 23 Meán Fómhair go dtí an 23 Deireadh Fómhair: le smaointe na saoránach a chloisteáil a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar thodhchaí an Mhargaidh Aonair.
Reáchtálfar Mí an Mhargaidh Aonair ar líne in 24 teanga thar thréimhse ceithre seachtaine i ndiaidh a chéile. Pléifear beartas éagsúil gach seachtain:
Deis ar leith is ea Mí an Mhargaidh Aonair do na saoránaigh den idirlíon i measc phobal na hEorpa trácht a dhéanamh ar bheartais agus ar straitéisí an Choimisiúin, iad a cheistiú agus iad a bheachtú. Beidh bealaí éagsúla ag na rannpháirithe le dul i bhfeidhm ar lucht déanta beartas:
Is féidir smaointe a chur isteach tríd an ardán ar líne. Tá os cionn 300 tuairim ó pháirtithe leasmhara agus ó dhaoine aonair curtha isteach cheana: cárta gairmiúil soghluaiseachta a thabhairt isteach d'altraí, tionscnamh chun tuiscint daoine óga ar chúrsaí airgeadais a fheabhsú, etc.
Is féidir leat vóta a chaitheamh ar na ceisteanna seo agus ar mhórán eile cheana féin, agus beidh tú in ann dul i mbun díospóireachta ar théama éagsúil gach seachtain. Déanfaidh modhnóirí neamhspleácha achoimre ar thorthaí na ndíospóireachtaí sin, agus foilseofar i dtuarascáil deiridh iad a mbeidh sé mar chuspóir aici dlithe don AE amach anseo a chur le chéile.