Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Coimirce Sóisialach & Cuimsiú Sóisialta

Tacaíonn an tAontas Eorpach le gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse an chuimsithe shóisialta agus na cosanta sóisialta agus comhlánaíonn sé na gníomhaíochtaí sin.

Cuimsítear leis sin raon leathan beartas chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, na córais cosanta sóisialta a nuachóiriú agus cuimsiú sóisialta grúpaí sonracha a chur chun cinn, lena n-áirítear páistí, daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean.

Creat beartais

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta leagtar amach 20 croíphrionsabal agus ceart atá ríthábhachtach do chothroime agus dea-fheidhmiú na margaí saothair agus na gcóras cosanta sóisialta. Is é atá sa Cholún lóchrann lena dtreoraítear an tAontas i dtreo Eoraip shóisialta láidir atá cothrom, ionchuimsitheach agus lán deiseanna san 21ú haois.

Sa tríú caibidil den Cholún, cumhdaítear na prionsabail is ábhartha maidir le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta.

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta – Plean Gníomhaíochta

Le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta déantar gníomhaíochtaí nithiúla de na Prionsabail, ar gníomhaíochtaí iad a rachaidh chun tairbhe do na saoránaigh.

Cuireadh trí sprioc le haghaidh 2030 chun cinn sa Phlean Gníomhaíochta i réimsí na fostaíochta, an oideachais aosaigh agus na bochtaineachta, rud atá ag tógáil ar an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste inbhuanaithe ionchuimsitheach. Is é is aidhm do sprioc 2030 maidir leis an mbochtaineacht líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú 15 mhilliún duine ar a laghad faoi 2030, agus 5 mhilliún páiste ar a laghad ina measc.

I nGealltanas Sóisialta Comhpháirteach Porto, a aontaíodh i mí na Bealtaine 2021, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Príomh-Aire na Portaingéile, tír a raibh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aici ag an am, na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a n-ainmneacha leis na trí phríomhsprioc le haghaidh 2030. Chuir an Chomhairle Eorpach fáilte roimh na spriocanna sin i mí an Mheithimh 2021 freisin.

Fógraíodh freisin i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta roinnt tionscnamh a thacóidh le cur chun feidhme phrionsabail an Cholúin. 

I réimse na cosanta sóisialta agus an chuimsithe shóisialta, áirítear ar na tionscnaimh ábhartha:

  • an Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, 
  • togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta,
  • an tArdán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac,
  • tuarascáil ón Aontas maidir le rochtain ar sheirbhísí riachtanacha, tionscnamh maidir le cúram fadtéarmach,
  • grúpa Ardleibhéil Saineolaithe a dhéanfaidh staidéar ar thodhchaí an stáit leasa,
  • treoir maidir le measúnú ar thionchar dáileach ex ante a úsáid.

Faireachán agus Comhordú Beartas

Scórchlár Sóisialta

Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Cholúin, chuir an Coimisiún Eorpach scórchlár sóisialta nuashonraithe ar aghaidh ag tús 2021 agus d’fhormhuinigh Airí Fostaíochta agus Gnóthaí Sóisialta an Aontais Eorpaigh é i mí an Mheithimh 2021.

Léiríonn an scórchlár sóisialta struchtúr an Cholúin agus tá tacar tiomnaithe táscairí ann i réimse an chuimsithe shóisialta agus na cosanta sóisialta. Áirítear ar na táscairí ceannlíne líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta – is é sin an táscaire a úsáidtear i gcás sprioc 2030 maidir leis an mbochtaineacht.

An Seimeastar Eorpach

Is creat seanbhunaithe é an Seimeastar Eorpach chun athchóirithe agus infheistíochtaí eacnamaíocha, fostaíochta agus sóisialta a chomhordú.  Ó 2018 i leith, rinneadh prionsabail an Cholúin a phríomhshruthú i dtimthriall iomlán an tSeimeastair Eorpaigh

Sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht agus sna tuarascálacha de réir tíre, tá anailís thiomnaithe ar an staid shóisialta san Aontas agus sna Ballstáit. Léirítear sna Moltaí Tírshonracha na dúshláin náisiúnta agus na réitigh atá molta i réimse an bheartais shóisialta.

An Coiste um Chosaint Shóisialta

Bíonn an Coimisiún ag obair i gcomhar le tíortha an Aontais tríd an gCoiste um Chosaint Shóisialta agus úsáideann sé Modh Oscailte an Chomhordaithe sna réimsí seo: cuimsiú sóisialta, cúram sláinte, agus cúram fadtéarmach agus pinsin (MOC sóisialta).

Is próiseas deonach é MOC sóisialta a úsáidtear don chomhar polaitiúil agus tá sé bunaithe ar chuspóirí comhchoiteanna a aontú agus an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a thomhas trí úsáid a bhaint as táscairí comhchoiteanna. Baineann an próiseas freisin le dlúthchomhar le páirtithe leasmhara, cuir i gcás páirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta.

Maoiniú

Tacaíonn cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le cur chun feidhme na n-athchóirithe beartais.

An leathanach seo a chomhroinnt: