Additional tools
Méadú - forálacha idirthréimhseacha
Oibrithe ó bhallstáit nua an AE - socruithe eatramhacha
Féadfaidh srianta ar shaorghlaiseacht na h-oibrithe bheith i bhfeidhm ar oibrithe ó bhallstáit AE do thréimhse eatramhach suas go dtí 7 mbliana tar éis dóibh teacht isteach san AE. Faoi láthair baineann sé seo le hoibrithe ó:
Tig le rialtais ar leith na dtíortha a bhí san AE cheana a chinneadh iad féin an mian leo srianta a chur i bhfeidhm ar oibrithe ó na tíortha seo, agus cén cineál srianta. Mar sin féin:
- Níl cead acu srian a chur leis an tsaoise ghinearálta taistil, ach leis an gceart chun obair i dtír eile mar dhuine fostaithe amháin.
- Le linn an chéad dá bhliain tar éis do thír teacht isteach san AE, is iad an dlí náisiúnta agus beartas a bhí san AE cheana a chinneann rochtain ar an margadh saothair d'oibrithe ón tír sin, ionas go mb'fhéidir gur gá dóibh cead oibre. Más mian le tír na srianta sin a choimeád i bhfeidhm go ceann trí bliana eile, ní mór di an Coimisiún a chur ar an eolas roimh dheireadh an chéad dá bhliain.
- Ina dhiaidh sin, tig le tíortha leanúint le srianta a chur i bhfeidhm go ceann dhá bhliain eile má chuireann siad an Coimisiún ar an eolas faoi shuaití tromchúiseacha ina margaí saothair; ní mór deireadh a chur le gach srian tar éis 7 mbliana.
- Oibrithe atá faoi shranta náisiúnta, ní mór tosaíocht a thabhairt dóibh thar oibrithe ó thíortha neamh-AE.
- Ach iad a bheidh fostaithe go dleathach i dtír eile san AE, tá oibrithe i dteideal bheith ar chomhchéim le hoibrithe náisiúnta na tíre ina bhfuil siad ag obair.
- Na tíortha a bhfuil a gcuid náisiúnach faoi shrianta den sórt sin, féadfaidh siad srianta den sórt céanna ar chur ar oibrithe ón tír sin.
Féach na conarthaí aontachais ar leith do bhreis sonraí.