Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Dul i ngleic le hidirdhealú ag an obair



Réamhrá

Tá an ceart chun comhdheiseanna agat! Ceart bunúsach san Aontas Eorpach is ea cóir chothrom. Tá sé in aghaidh an dlí idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar ghnéas, aois, míchumas, bunadh eitneach nó ciníoch, reiligiún, creideamh nó gnéaschlaonadh duine.   

Cóir chomhionann idir mná agus fir

Is ann do dhlíthe maidir le cearta comhionanna idir mná agus fir ó bhí an Comhphobal Eorpach ina thús.  

Ó na 1970í i leith glacadh 13 phíosa reachtaíochta dar cuspóir cothrom na Féinne a chinntiú do mhná agus d’fhir agus iad ar obair.  

Folaíonn na dlíthe sin go leor réimsí amhail cóir chomhionann agus daoine ag cur isteach ar phost, cóir chomhionann san obair, cosaint oibrithe torracha agus máithreacha a bhfuil cothú cíche á dhéanamh acu, agus cearta ar shaoire mháithreachais agus ar shaoire do thuismitheoirí.  

Tá na cearta sin ag na milliúin fear agus ban ar fud na hEorpa – ach is beag duine acu a thuigeann gurb é an tAontas Eorpach atá taobh thiar de na dlíthe sin.  

Dul i ngleic le cineálacha eile idirdhealaithe ag an obair

In éineacht leis na dlíthe maidir le cearta comhionanna idir mná agus fir, tháinig reachtaíocht nua an Aontais isteach in 2000 lena gcuirtear cosc ar idirdhealú ar fhorais eile. Faoi na dlíthe nua sin tá sé mídhleathach idirdhealú a dhéanamh ar dhuine mar gheall ar an méid seo a leanas:  

  • Bunadh ciníoch nó eitneach
  • Reiligiún agus creideamh 
  • Míchumas
  • Gnéaschlaonadh
  • Aois  

Tá na cúig réimse idirdhealaithe sin, mar aon le hidirdhealú ar bhonn inscne, san áireamh i gConradh Liospóin mar réimsí ar féidir leis an Aontas gníomhú ina leith chun idirdhealú a chosc.  

Ar ndóigh, d’fhéadfadh idirdhealú tarlú ar chúiseanna eile, e.g. toisc go bhfuil duine pósta nó nach bhfuil, nó mar gheall ar a leibhéal ioncaim, nó mar gheall ar an áit ina bhfuil cónaí air. D’fhéadfadh idirdhealú tarlú freisin mar gheall ar mheascán cúiseanna éagsúla, e.g. mar gheall ar aois duine nó ar a ngnéas (e.g. d’fhéadfadh mná níos sine a bheith leochaileach go sonrach i leith cóir éagórach i margadh na bpost).    

Ní hamháin go gcumhdaíonn na dlíthe chun daoine a chosaint ar idirdhealú mar gheall ar a mbunús ciníoch agus eitneach fostaíocht, ach réimsí eile den saol laethúil inar féidir caitheamh go míchothrom leo, e.g. i scoileanna, tithíocht, cúram sláinte nó rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, e.g. cóir éagórach i siopaí, i mbialanna, in óstáin, etc.  

Tá sé d’oibleagáid ar gach tír san Aontas na rialacha comhionannais sin a chur san áireamh. Ní mór do thíortha a thagann isteach san Aontas na rialacha sin a chomhlíonadh freisin. 

Leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le cóir chomhionann íosleibhéil chosanta a bhfuil feidhm acu maidir le gach duine ag a bhfuil cónaí san Aontas agus a oibríonn san Aontas. Is féidir le tíortha dul níos faide agus bearta dlíthiúla níos láidre fós a ghlacadh.  

Cabhair a fháil

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus d’oibleagáidí faoi reachtaíocht chomhionannais an Aontais Eorpaigh, chomh maith le heolas faoi cén áit ar féidir leat comhairle agus tuilleadh eolais a fháil i do thír féin, féach na naisc ghaolmhara ar an leathanach seo. 

Tá an reachtaíocht ríthábhachtach sa chomhrac ar son an chomhionannais, ach is eol dúinn go gcaithfimid níos mó a dhéanamh fós. Sin an fáth a bhfuil an tAontas Eorpach ag tacú le raon beart chun an t-idirdhealú a chomhrac, ó thionscadail a mhaoiniú, taighde a dhéanamh go tacú le feachtais feasachta agus feachtais eolais.

An leathanach seo a chomhroinnt: