Cosán nascleanúna

Dlí an tsaothair

Cad is dlí an tsaothair ann?

Is i ndlí an tsaothair a leagtar síos do chearta agus d'oibleagáidí mar oibrí nó mar fhostaitheoir.

Clúdaíonn dlí an tsaothair san AE dhá phríomhréimse:

  • dálaí oibre – uaireanta oibre, obair pháirtaimseartha agus obair théarma shocraithe, postú oibrithe,
  • oibrithe a chur ar an eolas agus comhairliúchán a dhéanamh leo faoi iomarcaíocht chomhchoiteann, aistriú cuideachtaí, etc.

Conas a oibríonn sé?

An AE agus dlí an tsaothair

Tá sé mar aidhm ag beartais an AE le blianta anuas

  • ráta ard fostaíochta agus cosaint shóisialta láidir a bhaint amach,
  • dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú,
  • comhtháthú sóisialta a chosaint.

Tá sé mar aidhm ag an AE dul chun cinn sóisialta a chothú agus dálaí maireachtála agus oibre mhuintir na hEorpa a fheabhsú – féach brollach an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ó thaobh dhlí an tsaothair de, cuireann an AE leis na tionscnaimh bheartais a dhéanann na Ballstáit iad féin trí íoschaighdeáin a leagan síos. I gcomhréir leis an gConradh – le hAirteagal 153 de go háirithe – glacann sé dlíthe (treoracha) a leagann síos íoschaighdeáin maidir le

  • dálaí oibre agus fostaíochta,
  • oibrithe a chur ar an eolas agus comhairliúchán a dhéanamh leo.

Is féidir leis na Ballstáit féin leibhéil cosanta níos airde a chur ar fáil más mian leo é. Mar shampla, tá oibrithe i dteideal 20 lá saoire le pá in aghaidh na bliana de réir Threoir an AE um Am Oibre, ach is iomaí Ballstát inar leagadh síos teidlíocht níos faide ná sin.

Údaráis náisiúnta agus dlí an tsaothair

Glacann an AE treoracha a mbíonn ar na Ballstáit a ionchorprú sa dlí náisiúnta agus a chur chun feidhme. Fágann sé sin gurb iad údaráis náisiúnta – lucht cigireachta agus na cúirteanna, mar shampla – a dhéanann na rialacha a fhorghníomhú.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus dlí an tsaothair

Aon uair atá díospóid os comhair cúirte náisiúnta a ardaíonn ceist faoi conas treoir ón AE a fhorléiriú, is féidir leis an gcúirt sin an tsaincheist a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an AE. Ansin tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na freagraí don chúirt náisiúnta a theastaíonn uaithi chun an díospóid a réiteach.

An Coimisiún Eorpach agus dlí an tsaothair

Seiceálann an Coimisiún go bhfuil treoracha ón AE ionchorpraithe sa dlí náisiúnta agus cinntíonn sé, trí fhaireachán córasach, go gcuirtear na rialacha chun feidhme i gceart.

Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil treoir ionchorpraithe i gceart sa dlí náisiúnta ag Ballstát, féadfaidh sé tús a chur le imeachtaí um shárú.

Ar an dóigh sin, cinntíonn sé go bhfuil na cearta ar fad atá leagtha amach sna treoracha ar fáil sa dlí náisiúnta. Ní féidir leis an gCoimisiún sásamh a chur ar fáil do dhaoine aonair (i.e. cúiteamh díobhála a thabhairt dóibh nó cás a chur ina cheart) – is faoi na húdaráis náisiúnta inniúla atá sé é sin a dhéanamh.

Cén toradh a bhíonn air?

Tá os cionn 240 milliún oibrí san Aontas Eorpach, mar sin de téann na cearta atá acu faoi dhlí an tsaothair san AE chun tairbhe go díreach do líon mór saoránach agus déanann siad difear dearfach i gcuid ríthábhachtach phraiticiúil dá saol.

Thairis sin, téann dlí an tsaothair san AE chun tairbhe d'fhostóirí agus don tsochaí ar fad mar

  • cuireann sé creat follasach de chearta agus d'oibleagáidí sa láthair oibre ar fáil,
  • déanann sé sláinte an fhórsa oibre a chosaint,
  • cuireann sé fás eacnamaíoch inbhuanaithe chun cinn.

Téann dlí an tsaothair san AE i dteannta an mhargaidh aonair. Caithfidh rialacha dhlí an tsaothair a bheith ann in éineacht le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus oibrithe ionas go mbeidh tíortha agus cuideachtaí in iomaíocht le chéile go cóir ar bhonn mhaitheas a dtáirgí – seachas trí chaighdeáin fostaíochta a ísliú.

    Scaip

  • Twit it Twit it Roinn ar Facebook Roinn ar Facebook Scaip ar Google+