Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Ag gluaiseacht agus ag obair san Eoraip

Rialacha an Aontais Eorpaigh:

  • cabhraíonn na rialacha leat, mar shaoránach, dul ag obair i dtír eile san Aontas
  • cosnaíonn na rialacha do chearta slándála sóisialta agus tú ag gluaiseacht laistigh den Eoraip

Obair a dhéanamh i mBallstát eile

Is bunphrionsabal de chuid an Aontais Eorpaigh é saorghluaiseacht oibrithe.

Tá saoránaigh an Aontas Eorpaigh i dteideal:

  • post a lorg i dtír eile san Aontas
  • obair ansin gan ghá le cead oibre
  • cónaí ann chun críche oibre
  • fanacht ann fiú tár éis deireadh a theacht lena bpost
  • bheith ar chomhchéim le náisiúnaigh na tíre sin maidir le fostaíocht a aimsiú, coinníollacha oibre agus gach buntáiste eile sóisialta agus cánach

Tuilleadh faoi shaorghluaiseacht oibrithe

Comhordú na slándála sóisialta

Comhordaíonn rialacha an Aontais Eorpaigh na córais slándála sóisialta náisiúnta chun a chinntiú go bhfaigheann tú a bhfuil tú i dteideal agus tú ag gluaiseacht laistigh den Eoraip (AE 27 + an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis).

Tá an comhordú seo bunaithe ar cheithre phríomhphrionsabal:

  • Níl tú cumhdaithe ach faoi reachtaíocht aon tíre amháin ag aon am amháin agus mar sin ní íocann tú ranníocaíochtaí ach in aon tír amháin
  • Tá na cearta céanna agat agus na hoibleagáidí céanna ort agus atá ag náisiúnaigh na tíre ina bhfuil tú cumhdaithe
  • Nuair a dhéanann tú éileamh ar shochar, cuirtear san áireamh do thréimhsí árachais, oibre nó cónaithe i dtíortha eile roimhe sin más gá
  • Má tá tú i dteideal sochar airgid ó thír amháin, go hiondúil bíonn tú in ann é a fháil fiú agus tú i do chónaí i dtír eile

Má éiríonn tú tinn nó má ghortaítear thú agus tú ag taisteal go dtí tír san Aontas Eorpach, nó go dtí an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe, tá tú i dteideal na córa leighis is gá faoi chomhordú na slándála sóisialta, má tá an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agat.

Tuilleadh faoi chomhordú na slándála sóisialta

An leathanach seo a chomhroinnt: