Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Additional tools
Please note that some publications might only be available in English, French and German.
Déanfar athbhreithniú sa tuarascáil Caidreamh Tionsclaíoch san Eoraip 2010 ar fhorbairtí sna caidrimh idir oibrithe, fostóirí agus a n-ionadaithe faoi seach idir 2008 agus 2010. San achoimre feidhmiúcháin seo ar an tuarascáil, tugtar forbhreathnú ar thionchar na géarchéime eacnamaíochta agus ar ról na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i ngleic léi. Ina dhiaidh sin, féachtar ar na seacht gcaibidil atá sa tuarascáil. Sna caibidlí sin, cuimsítear treochtaí i gcaidreamh tionsclaíoch, dearcthaí na gcomhpháirtithe sóisialta ar an ngéarchéim agus na freagraí atá acu uirthi, solúbthacht pá agus pá íosta, caidreamh tionsclaíoch agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, mar aon le forbairtí i gcomhphlé sóisialta agus reachtaíocht an AE idir 2008 agus 2010. Tá an achoimre ar fáil i bhformáid leictreonach i ngach teanga oifigiúil den AE, ach tá an tuarascáil iomlán le fáil i mBéarla i bhfoirm chló (ISBN 978-92-79-17861-0).