Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Caitheamh comhionann

Tá ceart ag aon saoránach AE a bheith ag obair i dtír eile san AE, mar náisiúnaigh na tíre sin:

  • faoi na coinníollachtaí céanna agus
  • gan dualgas cur isteach ar chead oibre.

Ní féidir srianta, cosúil le teorainneacha cainníochta nó critéir earcaíochta idirdhealaitheacha, a leagadh ar earcaíocht náisiúnach ó thíortha eile san AE.

Eisceachtaí

  • Scileanna Teanga – d'fhéadfadh go mbeidh ar iarrthóirí poist ó thíortha eile san AE cumas teanga don phost a léiriú, ach ní mór don léibhéal eolas teanga atá de dhíth a bheith réasúnta agus riachtanach. Ní féidir le fostóirí sain-cháilíochtaí a lorg mar chruthú.

Dálaí oibre

Caithfear caitheamh le náisiúnaigh de chuid an AE atá ag obair i dtír eile do chuid an AE sa chaoi chéanna le comhoibrithe atá ina náisiúnaigh den tír sin, maidir le:

  • dálaí oibre (m.sh.pá, dífhostú, aischur);
  • rochtain ar oiliúnt

Buntáistí Sóisialta agus Cánach

  • Cuardaitheoirí Poist - caithfidh aon bhuntáistí airgid a chuirtear ar fáil le cuidiú leo siúd atá ar thóir oibre, a bheith ar fáil do chuardaitheoirí poist ó thíortha eile an AE fad is go bhfuil nasc dílis ann sa mhargadh fostaíochta áitiúla, m.sh. bhí siad ar thóir poist ar feadh tréimhse ama réasúnta.
  • Oibrithe - tá na cearta sóisialta céanna agus na buntáistí cánach céanna ag oibrithe ó thíortha eile san AE faoi mar atá ag náisiúnaigh na tíre sin. D'fhéadfadh laghduithe ar tháillí do theaghlaigh mhóra ar iompar poiblí, sochar linbh agus íos-íocaíochtaí cothabhálta a bheith san áireamh.
  • Oibrithe Trasteorann (daoine a chómhalartaíonn teorainn náisiúnta agus a fhilleann abhaile ar a laghad uair sa tseachtain), tá na buntáistí céanna ar fáil dóíbh cosúil le hoibrí ar bith eile ina dtír fostaíochta. Cé go bhfuil cinneadh déanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach féidir riachtanas cónaithe a nascadh leis na buntáistí sin, bíonn fadhbanna sonracha ag oibrithe trasteorann uaireanta  agus iad ag éileamh buntáistí sóisialta, toisc iadsan a bheith nasctha le háras cónaithe fós.

Lucht Spóirt

Tá an lucht spóirt ghairmiúil agus an lucht spóirt leath-ghairmiúl faoi chumhdach na rialacha céanna san AE: is féidir leo dul i mbun oibre i dtíortha eile an AE ar an bhforas céanna le náisiúnaigh na tíre sin.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: