Roimh iarratas a sheoladh, féach na foinsí faisnéise atá liostaithe thíos:
Ár bunachar sonraí Doiciméad mar a bhfaighidh tú doiciméid bheartais an AE, tuarascálacha, staidéir, óráidí agus tuairiscí ar thionscadail a mhaoinigh an AE.
Gheofar eisiúintí úrnua agus na foilseacháin is déanaí inár gcatalóg foilseachán agus i Siopa Leabhar an AE. Féadann tú cóip amháin d'aon cheann dár bhfoilseacháin déanacha a ordú saor in aisce ar líne trí Siopa Leabhar an AE.
Féadann tú aon cheann d'fhoilseacháin oifigiúla na gComhphobal Eorpach a cheadú ag na hIonaid Doiciméadúcháin Eorpaigh (EDC).
Féadann tú catalóg na leabharlainne ECLAS, a cheadú chomh maith. Gheofar in ECLAS tagairtí do bhailiúcháin Leabharlann Lárnach an Choimisiúin Eorpaigh agus do Leabharlanna eile an Choimisiúin Eorpaigh.
Ní ceadmhach do chuairteoirí seachtracha ar an gCoimisiún ábhar a thógáil ar iasacht. Bíodh sin mar atá, tá ár gcuid leabhar ar fáil ar iarratas ag leabharlanna agus ag ionaid doiciméadúcháin lasmuigh d'institiúidí an AE tríd an tseirbhís iasachta Idirleabharlainne, atá faoi stiúir Leabharlann Lárnach an Choimisiúin.
Má tá tuilleadh eolais uait, ní gá duit ach ríomhphost a chur chugainn.