Dul i ngleic le hidirdhealú ag an obair Tá ceart comhdheiseanna agat! Ceart bunúsach is ea déileáil chearta san Aontas Eorpach. Is rud neamhdhleathach é leithcheal a dhéanamh ar chúiseanna inscne, aoise, míchumais, bunúis eitnigh nó cine, creidimh, nó claonta ghnéasaigh. Tá dlíthe ann le haghaidh cearta comhionanna idir mná agus fir ó thús an Chomhphobail Eorpaigh. Ó na 1970aidí amach glacadh le 13 phíosa reachtaíochta agus is aidhm acu cinntiú go mbíonn déileáil cheart chomhionann ag mná agus ag fir ar obair. Clúdaíonn na dlíthe seo réimse ábhar ina n-áirítear déileáil chomhionann ar iarratas ar phoist, déileáil chomhionann ar obair, cosaint oibrithe atá ag iompar clainne agus máithreacha atá ag cothú linbh, agus cearta le haghaidh saoire mháithreachais agus saoire thuismitheoirí. Bíonn na cearta seo ag na milliúin ban agus fear ar fud na hEorpa gach lá – ach is beag atá a fhios acu gurb é an tAontas Eorpach is cúis leis na dlíthe seo.! Cheangail na dlíthe ar chearta comhionanna idir mná agus fir le reachtaíocht nua an AE sa bhliain 2000 a chuireann cosc ar leithcheal ar chúiseanna sa bhreis. De réir na ndlíthe seo tá sé neamhdhleathach leithcheal a dhéanamh ar dhuine ar chúiseanna seo a leanas: Bunús eitnigh agus cine Creideamh Míchumas Claonadh gnéis Aois Áirítear na cúig réimse leithcheala seo, in éineacht le leithcheal inscne, i gConradh Amstardam an Aontais Eorpaigh mar réimse inar féidir leis an AE bheith ag obair chun leithcheal a sheachaint. Ar ndóigh, tarlaíonn leithcheal ar chúiseanna eile, m.sh. duine atá nó nach bhfuil pósta, nó a leibhéal ioncaim nó an áit ina gcónaíonn siad. Tarlaíonn leithcheal ar mheascán cúiseanna éagsúla, m.sh. aois agus inscne an duine (m.sh is féidir go mbeadh mná síos sine i mbaol leithcheala sa mhargadh jabanna). Má tá an tsuim agat tuilleadh faisnéise a fháil ar il-leithcheal is féidir go mbeadh suim agat sa tuarascáil seo. Na dlíthe a chosnaíonn daoine in aghaidh leithcheala ar chúiseanna a mbunús eitnigh agus cine (m.sh. gur daoine gorma nó Romacha iad), clúdaíonn siad ní amháin fostaíocht ach réimse eile i saol an lae ina dtarlaíonn leithcheal, m.sh i scoileanna, i dtithíochta, i gcúram sláinte agus i rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, m.sh leithcheal i siopaí, i mbialanna, in óstlanna srl. Tá dualgas ag tíortha uile san AE chun na rialacha comhionanna a chur i bhfeidhm. Beidh ar na tíortha atá ag teacht isteach san AE na rialacha seo a chomhlíonadh fosta. Is é reachtaíocht an AE um dhéileáil comhionann a leagann síos íosleibhéil cosanta a bhaineann le gach duine a chónaíonn agus atá ag obair san Aontas Eorpach. Féadann tíortha tuilleadh a dhéanamh agus glacadh le bearta dleathacha níos tréine arís. Tabharfaidh an chuid seo tuilleadh faisnéise ar do chearta agus ar do dhualgais de réir reachtaíocht comhionannais an AE. Tabharfaidh sé faisnéis duit ar an áit i do thír féin a bhfaighidh tú comhairle agus tuilleadh faisnéise. Is ríthábhachtach é an reachtaíocht sa troid ar son comhionannais ach tá a fhios againn go gcaithfimid tuilleadh a dhéanamh. Sin an fáth a bhfuil an tAontas Eorpach ag tabhairt tacaíochta do réimse bearta le dul i ngleic le leithcheal, ar nós maoiniúcháin tionscadal, agus taighde a dhéanamh chun tacú le múscailt feasachta agus le feachtais fhaisnéise.