Eagraíochtaí
Forléargas
Féadfaidh eagraíochtaí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh in Erasmus+ tabhairt faoi roinnt gníomhaíochtaí forbartha agus líonraithe, lena n-áirítear feabhsú straitéiseach ar scileanna gairmiúla a mball foirne, acmhainní eagraíochta a fhothú, agus comhpháirtíochtaí comhoibritheacha trasnáisiúnta a chur ar bun le heagraíochtaí ó thíortha eile chun torthaí nuálacha a chruthú nó chun dea-chleachtais a mhalartú.
Ina theannta sin, éascaíonn eagraíochtaí na deiseanna soghluaisteachta foghlama do mhic léinn, baill foirne, oiliúnaithe, printísigh, oibrithe deonacha, oibrithe don óige agus daoine óga.
Ar na buntáistí a bheidh ann do na heagraíochtaí rannpháirteacha tá cumas méadaithe feidhmiúcháin ar an leibhéal idirnáisiúnta, modhanna feabhsaithe bainistíochta, teacht ar bhreis deiseanna maoinithe agus breis tionscadal, cumas méadaithe chun tionscadail a réiteach, a bhainistiú agus a leanúint, chomh maith le punann deiseanna níos tarraingtí d'fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne sna heagraíochtaí rannpháirteacha.
Príomhbhearta
Príomhbheart 1: Soghluaisteacht foghlama daoine aonair
Is í an aidhm atá le Príomhbheart 1 soghluaisteacht mac léinn, ball foirne, oibrithe deonacha, oibrithe don óige agus daoine óga a spreagadh. Féadfaidh eagraíochtaí socrú a dhéanamh chun mic léinn nó baill foirne a sheoladh chuig tíortha rannpháirteacha nó a ghlacadh uathu, chomh maith le gníomhaíochtaí teagaisc, oiliúna, foghlama agus saorálaíochta a eagrú.
Príomhbheart 2: Nuálaíocht agus dea-chleachtais
Is í an aidhm atá le Príomhbheart 2 na hearnálacha oideachais, oiliúna agus óige a fhorbairt trí chúig phríomhghníomhaíocht:
- Comhphairtíochtaí straitéiseacha chun tacú leis an nuálaíocht san earnáil chomh maith le comhthionscnaimh chun an comhoibriú, an phiarfhoghlaim agus comhroinnt taithí a chur chun cinn.
- Comhghuaillaíochtaí Eolais chun an nuálaíocht a chothú san ardoideachas agus trí mheán an ardoideachais in éineacht le gnóthais, agus taobh amuigh díobh, ag cuidiú le cinéalacha nua cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama, fiontraíocht san oideachas, agus nuachóiriú ar chórais ardoideachais san Eoraip.
- Comhghuaillaíochtaí Scileanna Earnála chun dul i ngleic le bearna scileanna agus chun a dheimhniú go mbíonn gairmoideachas agus gairmoiliúint ailínithe níos fearr le riachtanais an mhargaidh saothair. Tá deiseanna ann le Gairmoideachas agus Gairmoiliúint a nuashonrú, eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, obair thar lear a spreagadh, agus méadú ar aitheantas cáilíochtaí.
- Tionscadail chun acmhainní a fhothú i réimse an ardoideachais chun tacú le nuachóiriú, inrochtaineacht agus idirnáisiúnú an ardoideachais i dTíortha Comhpháirtíochta.
- Tionscadail chun acmhainní a fhothú i réimse na hóige chun tacú leis an bhforbairt ar obair don óige, foghlaim sheachfhoirmiúil, agus obair dheonach, chomh maith le deiseanna foghlama seachfhoirmiúla a chur chun cinn le Tíortha Comhpháirtíochta.
Príomhbheart 3: Tacaíocht d'athchóiriú beartais
Is í an aidhm atá le Príomhbheart 3 rannpháirtíocht na ndaoine óga sa saol daonlathach a mhéadú, go háirithe sa phlé le lucht déanta beartais, chomh maith le heolas a fhorbairt i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige.
Jean Monnet
Deiseanna do theagasc, taighde agus plé beartais faoin Aontas Eorpach agus a bheartais.
An Spórt
Ceapadh é seo chun comhghníomhaíochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme d'fhonn spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn, gníomhaíochtaí nuálacha i réimse an spóirt a aithint agus a chur i bhfeidhm, agus bainistiú a dhéanamh ar ócáidí neamhbhrabúis chun rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú.