Teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach

Tá eolas mionsonraithe faoin gclár agus faoi na deiseanna a ghabhann leis le fáil sa Treoirleabhar don chlár Erasmus+. Seans freisin go dtig le Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó Oifigí Náisiúnta do cheist a réiteach.

Tá dhá shlí ann chun teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach, mar atá:

  • Má bhaineann do cheist le gnéithe den chlár Erasmus+ atá faoi stiúir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir an Choimisiúin Eorpaigh, is ceart foirm teagmhála na Gníomhaireachta a úsáid. Tá liosta de na gnéithe sin le fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach tríd an tseirbhís EuropeDirect má ráiníonn ceisteanna eile ort faoi Erasmus+ ach an fhoirm teagmhála thíos a líonadh agus a sheoladh:

Foirm teagmhála