Cosán nascleanúna

Comhairle faoi thaisteal sábháilte agus cliste san AE - 29/07/2013

Páiste agus scáth gréine ar thrá le clapsholas © AE

Má bhíonn tú ar saoire i dtír eile san AE an samhradh seo, seo roinnt leideanna le go mbeidh saoire gan strus ná stró agat.

Cé gur fusa anois ná riamh taisteal ar fud na hEorpa – de bharr rialacha an AE i dtaobh teorainneacha a thrasnú, cóir leighis a fháil, peataí, táillí fánaíochta agus cearta paisinéirí – is fiú cúpla rud a mheabhrú mar sin féin má bhíonn tú ag taisteal thar lear san AE an samhradh seo.

Bíodh do chárta aitheantais nó pas leat – Fiú má bhíonn tú ag taisteal idir thíortha atá sa limistéar sin den AE gan teorainneacha българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska is maith an rud é na doiciméid sin a bheith leat ar fhaitíos go mbeadh ort do chéannacht a chruthú ar chúis ar bith.

Ná dearmad do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS). Tá sé saor in aisce. Déan teagmháil le do sholáthraí sláinte áitiúil le fiosrú conas ceann a fháil. Má bhuaileann tinneas thú nó ball de do theaghlach agus sibh san AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilvéis, fágfaidh an cárta sin go mbeidh sibh in ann teacht go héasca ar chúram sláinte poiblí agus ar sheirbhísí leighis.

Tabhair faoi deara nach ionann na rialacha i ngach tír agus go mbeadh ort íoc as seirbhísí i dtír eile b'fhéidir, nuair nach mbeadh ort íoc astu sa bhaile. Íoslódáil aip CEÁS. Tá sí saor in aisce agus tabharfaidh sí eolas duit faoi na seirbhísí cabhrach atá ar fáil sa tír ina bhfuil tú ar saoire.

Ná dearmad pas peata българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a fháil – Má thugann tú cat, madra nó firéad leat, beidh ort cruthúnas a thaispeáint go bhfuair an t-ainmhí vacsaín frithchonfaidh. Tá ceanglais bhreise i bhfeidhm in Éirinn, i Sasana, san Fhionlainn, i Málta agus sa tSualainn. Seiceáil na rialacha náisiúnta English sula bhfágfaidh tú an baile. Tá rialacha náisiúnta i bhfeidhm freisin maidir le hainmhithe eile.

Déan teagmháil le d'oibreoir fóin phóca agus seiceáil na táillí fánaíochta atá i bhfeidhm българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska má tá fút d'fhón a úsáid go minic, go háirithe don ghréasán nó do ríomhphoist. Is féidir leat uasteorainn a leagan síos; sin nó cuirfear uasteorainn €50 sa mhí i bhfeidhm.

Seiceáil cé na hEoratharaifí English atá á dtairiscint ag oibreoirí sna 28 Ballstát. Is féidir an costas i leith teachtaireachtaí téacs nó seirbhísí sonraí a chur i gcomparáid.

I gcás éigeandála българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska glaoigh ar 112 – Glaoigh ar an uimhir sin le teacht ar na seirbhísí éigeandála in aon tír san AE. Tá an glao sin saor in aisce ó gach cineál gutháin. Tá teangacha éagsúla English ar a dtoil ag na hoibreoirí glao, ag brath ar an tír.

Cuir eolas ar do chearta paisinéirí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska – Is cuma an ar thraein, in eitleán, ar bhus nó ar long a bheidh tú ag taisteal san AE, má bhíonn moill ar do thuras, má chuirtear cuid de do thuras ar ceal nó má tá riachtanais speisialta gluaiseachta agat, gheobhaidh tú cosaint faoi do chearta paisinéirí. Tá aip faoi chearta paisinéirí ar fáil le híoslódáil saor in aisce.

An bhfuil ceist ar bith eile agat? Déan teagmháil le seirbhís eolais an Choimisiúin, Europe Direct, chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid is féidir leis an AE a dhéanamh duitse. Déantar na hiarratais a láimhseáil sna teangacha oifigiúla uile.

Tuilleadh eolais faoin taisteal san Eoraip българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links