Cosán nascleanúna

Seicliosta do shaoire gan stró - 23/07/2012

Bratacha 27 Ballstát an AE ar chrainn bhrataí © AE

Tá sé níos éasca taisteal san Eoraip de bharr comhaontuithe AE maidir le teorainneacha, cóir leighis, peataí, táillí fánaíochta agus cearta paisinéirí.

Beidh do chárta aitheantais nó do phas ag teastáil uait chun eitleán a bhordáil, nó le dul isteach nó amach as Éirinn, an Ríocht Aontaithe, an Bhulgáir, an Chipir nó an Rómáin. Fiú agus tú ag taisteal idir thíortha sa limistéar sin den AE gan theorainneacha is maith an rud é na doiciméid sin a bheith leat ar fhaitíos go mbeadh ort d'fhéiniúlacht a chruthú ar chúis ar bith.

Ná dearmad an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEAS) atá saor in aisce agus a thugann teidlíocht duit ar na seirbhísí agus sochair sláinte céanna le náisiúnaigh na tíre ina bhfuil tú ar cuairt, bíodh sin san AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilvéis.

Íoslódáil aip cúraim sláinte don fhón cliste agus cuideoidh sé leat na difríochtaí idir na rialacha cúraim sláinte sna tíortha éagsúla a thuiscint. Tugann sé faisnéis ghinearálta faoin CEAS, uimhreacha gutháin éigeandála, eolas faoin méid atá clúdaithe, na costais, aisíocaíochtaí agus sonraí teagmhála i gcás a gcailltear nó a ngoidtear an cárta.

Faigh pas peata do chat, do mhadra – nó d'fhiréad! – a bheidh i do theannta. Is cruthúnas an pas go bhfuair an t-ainmhí an vasaíniú frithchonfaidh. Seiceáil na rialacha náisiúnta English sula dtéann tú ag taisteal. Tá rialacha náisiúnta i bhfeidhm freisin maidir le hainmhithe eile.

Déan teagmháil le d'oibreoir fóin phóca. Tugann rialacha fánaíochta an AE English cosaint duit in aghaidh billí an-ard gan choinne agus tú thar lear. Tig leat teorainneacha níos airde nó níos ísle a shocrú má thograíonn tú do ghuthán a úsáid go minic, go háirithe idirlíon agus ríomhphost. Tá teorainn curtha freisin leis na táillí fánaíochta do ghlaonna agus do théacsanna.

Ná dearmad uimhir éigeandála an AE: 112. Tig leat glaoch ar an uimhir sin i gcás práinne. Is féidir glaoch uirthi i ngach tír den AE agus tá teangacha éagsúla DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski ar a dtoil ag na hoibreoirí, ag brath ar an tír.

Bíodh do chearta bunúsacha ar eolas agat agus tú i do phaisinéir aeir nó iarnróid. Tig leat aip nua an Choimisiúin ar chearta paisinéirí a íoslódáil le go mbeidh teacht agat ar na cearta sin i gcás práinne.

Bain úsáid as seirbhís faisnéise an Choimisiúin, Europe Direct, chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcuidiú atá ar fáil duit ón AE. Déantar na hiarratais a láimhseáil sna teangacha oifigiúla uile.

Lasmuigh den AE tá de cheart agat cúnamh a fháil ó ambasáid nó ó chonsalacht tíre eile san AE mura bhfuil ambasáid ná consalacht ag do thír féin san áit a bhfuil tú.

Tuilleadh faoin taisteal san Eoraip English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links