Cosán nascleanúna

Do shaoire gan chíos, cás ná cathú - 08/08/2011

Bratacha 27 ballstát an AE ar chrainn bhrataí © AE

Má tá fút saoire a chaitheamh i dtír eile san AE an samhradh seo, caith súil ar ár leidí do shaoire gan chíos, cás ná cathú.

Níobh fhusa riamh taisteal san Eoraip ná anois, a bhuí le comhaontuithe AE maidir le teorainneacha, peataí, cóireáil leighis, táillí fánaíochta agus cearta paisinéirí.

Roimh imeacht duit:

  • Bíodh do phas nó do chárta aitheantais leat i gcónaí - ar eagla go mbeadh ort a chruthú cé thú féin (m.sh. le seiceáil isteach d'eitilt). Agus beidh ort é a thaispeáin ag an teorainn is tú ag taisteal go hÉirinn, go Sasana, chun na Bulgáire, na Cipire nó na Rómáine, nó uathu, óir tá siadsan lasmuigh de limistéar saor ó theorainneacha българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska an AE.
  • Cait, madraí nó firéid, is gá dóibh pas peataí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska le taisteal farat. Cruthaíonn sé sin gur vacsaíníodh d'ainmhí i gcoinne confaidh. Tá riachtanais bhreise ag Éirinn, Sasana, an Fhionlainn, Málta, an tSualainn, agus mar sin seiceáil na rialacha náisiúnta English sula n-imeoidh tú. Fairis sin, tá rialacha náisiúnta i bhfeidhm d'ainmhithe eile.
  • Déan teagmháil le d'oibreoir fón póca má tá fút d'fhón a úsáid go minic, go háirithe don ghréasán nó do r-phoist. Nuair a shroichfidh na táillí fánaíochta €50, beidh ar do sholáthraí an tseirbhís a dhínascadh - chun tú a chosaint ó "thurraing na mbillí". Ach féadfaidh tú leibhéal níos ísle nó níos airde a shocrú roimh imeacht duit. Fairis sin, chuir an AE uasteorainn le táillí fánaíochta do ghlaonna is do théacsáil English .
  • Déan nóta d'uimhir éigeandála an AE: 112. Tá feidhm leis an uimhir sin in aon tír san AE, agus tá neart teangacha DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski ag na hoibreoirí, ag brath ar an tír.

Ar an mbóthar

  • Bíodh fios do bhuncheart mar phaisinéir aeir българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska nó traenach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska agat san AE. Tá cearta breise ar na modhanna iompair sin ag lucht míchumais nó ag daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu.

Le teacht ar bhreis eolais faoina mbeidh an AE in ann a dhéanamh duit, úsáid seirbhís faisnéise an Choimisiúin, an Eoraip go Díreach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska . Pléitear le fiosruithe i dteangacha oifigiúla uile an AE.

Breis faoi thaisteal san Eoraip българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links