Cosán nascleanúna

Básanna ar bhóithre a laghdú go leath - 12/10/2010

Dea-iompar tiománaithe, bonneagar bóithre ardcháilíochta agus feithiclí folláine do bhóithre níos sábháilte ar fud na hEorpa.

Thart ar 35 000 duine a fuair bás ar bhóithre an AE in 2009, breis is trian de thitim ó 2001. Feabhas mór, ach is ar éigean gur cúis ceiliúrtha é. Dar le suirbhé Englishfrançais AE faoi shábháilteacht ar bhóithre san Eoraip le déanaí, measann formhór na ndaoine gur cheart níos mó a dhéanamh chun taismí a laghdú.

Luas, tiomáint tar éis alcól a ól agus gan crios sábhála a chaitheamh, sin iad na nithe is mó faoi deara bás ar bhóithre. Ach baineann priacal nach gá le feithlicí éislinneacha is le drochbhóithre freisin.

Sraith nua treoirlínte AE um shábháilteacht ar bhóithre българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a moladh in Iúil seo caite, díríonn siad ar dtús ar oiliúint tiománaithe is ar chur i bhfeidhm na ndlíthe tráchta a ghéarú. Fairis sin, éilíonn siad bóithre níos fearr, go háirithe i limistéir thuaithe is chathrach ina dtarlaíonn formhór mór na dtionóiscí i gcomparáid le mótarbhealaigh.

D'fhéadfaí feithiclí a dhéanamh níos sábháilte ach teicneolaíochtaí cliste a úsáid, amhail braiteoirí a thugann rabhadh nuair a théann feithicil lasmuigh dá rian.

Gach bliain, baineann 17% na mbásanna le húsáideoirí gluaisrothar nó móipéidí, bíodh ná fuil iontu ach 2% d'úsáideoirí an bhóthair. Gnéithe amhail ardchórais coscán, d'fheabhsóidís sábháilteacht an mhodha iompair sin.

Don tríú bliain as a chéile, eagraíonn an AE Lá Eorpach na sábháilteachta ar bhóithre българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska an 13 Deireadh Fómhair. I mbliana tá an Coimisiún ag tíolacadh na dtreoirlínte nua sin do na deich mbliana atá romhainn, ag athdhearbhú a thiomantais ó 2001 chun líon na mbásanna bóithre a laghdú go leath.

Idir an dá linn, tarraingeoidh uachtaránacht Bheilgeach an AE aird sa Bhruiséil ar chuid den obair a deineadh ar fud an AE chun na cionta tráchta is coitianta a chomhrac.

Breis faoi shábháilteacht ar bhóithre na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links