Cosán nascleanúna

Bogadh ar shlí eile do shaol níos fearr - 17/09/2010

Lógó Sheachtain Eorpach na Soghluaisteachta 2010 © AE

An carr a fhágáil sa gharáisté agus siúl nó rothaíocht, sin a mholann Seachtain Eorpach na Soghluaisteachta 2010.

Trácht na gcarranna is mó is freagrach as gleo, as truailliú agus as tranglaim tráchta, agus is é a dhéanann dochar do shaol is do shláinte. Cothaíonn an truailliú galair na scamhóg, agus spreagann an suí síos síoraí galair chardashoithíocha agus otracht. Sa bhreis air sin, maraítear 127,000 duine gach bliain ar bhóithre na hEorpa.

Léiríonn Seachtain Eorpach na Soghluaisteachta 2010 English gur féidir an carr a mhalartú ar bhealaí iompair gan ghleo gan truailliú, agus fónamh mar sin don timpeallacht is do do shláinte féin. Má théann tú ag obair ar rothar nó ag siúl, ísleofar astaíochtaí CO2 agus coinneoidh tú do lúth.

Ó 16 go 22 Meán Fómhair, tá gníomhaíochtaí á n-eagrú ag na cathracha rannpháirteacha chun an tsoghluaisteacht bhuan a mhisniú is a buntáiste a léiriú do shaoránaigh. Tá ceant rothar athláimhe á eagrú ag cathair Bologna na hIodáile. Tá breis eolais faoi roinnt na gcarranna á fháil ag muintir Cannes na Fraince. Tá gníomhaíochtaí aclaíochta amhail siúl Nordach nó scátáil rollála ó n-eagrú ag Brno i bPoblacht na Seice, agus i mBruiséil na Beilge cuirfear brat dearg ar thaobh na sráide ar cheann de phríomhhbhealaí na cathrach.

Eagraíodh Seachtain Eorpach na Soghluaisteachta gach bliain ó 2002. Seachas na seacht lá sin, geallann na cathracha rannpháirteacha buanbheart amháin a chur ar bun. Anuraidh, bhí 2, 178 cathair rannpháirteach agus glacadh 4,441 buanbheart.

An lá gan charr, de ghnáth an 22 Meán Fómhair, buaicphointe na seachtaine. Cuirtear limistéir mharcáilte in áirithe do choisithe, do rothaithe agus don iompar poiblí.

Tugann Seachtain na Soghluaisteachta deis chun nósanna a athrú agus leas a bhaint as bogadh timpeall chun aclaíocht a dhéanamh i dtimpeallacht níos suaimhní gan truailliú. De shiúl na gcos, ar rothar nó ar thrírothach, tá gach rud réidh chun bogadh ar shlí eile do shaol níos fearr!

Féach ar ghníomhaíochtaí in aice leatsa English

Gach eolas faoi Dhuais Sheachtain na Soghluaisteachta English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links