Cosán nascleanúna

Plean AE um shábháilteacht ar bhóithre sna 10 mbliana romhainn - 20/07/2010

Athnuann an AE a sprioc an ráta báis bliantúil a laghdú leath

In 2009, fuair 35 000 duine bás i dtionóiscí bóthair ar fud an AE - 36% níos lú ná in 2001, nuair a chéadshocraigh an Coimisiún a sprioc an ráta báis bliantúil a laghdú 50%. Do dhaoine óga is do ghluaisrothaithe is mó an baol.

Luas, tiomáint tar éis alcól a ól agus gan crios sábhála a chaitheamh, sin iad na nithe is mó faoi deara bás ar bhóithre. Ach baineann priacal nach gá le feithlicí éislinneacha is le drochbhóithre freisin. Tugann clár българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska nua an AE aghaidh ar na ceisteanna sin go léir.

Sna 10 mbliana romhainn:

• tiocfaidh rialacha nua i bhfeidhm a cheanglóidh ar bhreis feithiclí córais rabhaidh uathoibreacha a fháil, don luas nó chun lána a fhágáil, mar shampla.

• Ní rachaidh maoiniú an AE ach chuig tionscadail tógála bóithre a chloíonn le dlíthe an EU um shábháilteacht ar bhóithre.

• oibreoidh an AE leis na húdaráis náisiúnta chun teacht ar chomh-straitéis oideachais is oiliúna d'úsáideoirí bóthair.

• déanfar iarracht bhreise chun gluaisrothaithe a dhéanamh níos sábháilte. Le blianta beaga anuas, thit líon na mbásanna do gach modh iompair seachas an chatagóir sin. Gach bliain, baineann 17% na mbásanna le húsáideoirí gluaisrothar nó móipéidí, bíodh ná fuil iontu ach 2% d'úsáideoirí an bhóthair.

Dar le suirbhé Englishfrançais ar fud an AE le déanaí, measann na hEorpaigh gur cheart níos mó a dhéanamh chun taismí a laghdú. Mheas formhór na ndaoine gur chóir go ndíreodh an rialtas ar fheabhsú bóithre is ar dhlíthe tráchta a chur i bhfeidhm.

Níor éirigh ach le ceithre thír - an Laitvia, an Spáinn, an Eastóin is an Phortaingéil - a rátaí bliantúla báis ar bhóithre a laghdú 50% ó 2001. Mhéadaigh líon na mbásanna sa Rómáin is i Málta.

Ag an RA, an Ísiltír is an tSualainn a bhí an líon ab ísle básanna in 2009. Ag an nGréig is ag an Rómáin a bhí na cinn ab airde.

 

Sábháilteacht ar bhóithre - an AE ar obair българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links