Cosán nascleanúna

Taisteal gan trioblóid - 06/07/2009

Leideanna is comhairle do shaoire thaitneamhach san Eoraip.

Le teacht shéasúr na saoire, tá cuid mhór ag ullmhú a dteachtaireachtaí as-an-oifig is ag súil le sos thar lear. Bídis ag síobaireacht i Sléibhte Cairp, ar oileáin na Meánmhara nó ag baint taitnimh as iliomad séadchomhartha cultúrtha is ailtireachta na hEorpa, is gá fios do cheart a bheith agat agus cuimhneamh ar na cáipéisí cuí chun an turas a choimeád chomh saor ó thrioblóid agus is féidir.

Málaí pacáilte is tú réidh chun reatha? Ná déan dearmand ar do phas. Bíodh is nach bhfuil aon rialuithe teorann laistigh den AE (seachas in Éirinn, sa RA, sa Chipir, sa Rómáin is sa Bhulgáir), is gá pas nó cárta aitheantais don aerthaisteal nó chun do chéannacht a chruthú - chun óstán an chur in áirithe, mar shampla.

Ní mór pas peata do chait, do mhadraí agus fiú d'fhiréid agus iad ag taisteal thar lear – ceann a d'eisigh tréadlía is a chruthaíonn gur vacsaíníodh an t-ainmhí i gcoinne an chonfaidh. Más ar Mháilta, ar Éirinn, ar an RA, ar an bhFionlainn nó ar an tSualainn atá do thriall, ní foláir cóiriú i gcoinne sceartán is péisteanna ribíneacha do do pheata.

Baineann strus ar uairibh le dul go ceann scríbe is le teacht ar ais: cealaítear nó moillítear eitiltí, cailltear cónaisc iompair is déantar dochar do bhagáiste. Ach mar phaisinéir, tá cearta agat agus b'fhéidir go mbeadh cúiteamh ag dul duit. Éascaíonn nuadhlíthe AE an chomparáid idir phraghsanna eitilte - is gá gach cáin, táille is breischáin a thaispeáint anois sna praghsanna a fhógraítear.

Coinníonn fóin phóca i dteagmháil leis an mbaile sinn fad is a bhímid imithe, agus bíonn ríthábhacht leo uaireanta. B'fhada ardphraghsanna fánaíochta mar dhíspreagadh ar ghlaonna abhaile ón iasacht, ach tá rialacha nua English a chuireann teorainn €0.43 sa nóiméad ar ghlaonna a dhéantar is duine thar lear laistigh den AE agus €0.19 ar ghlaonna a fhaightear. Ní chosnaíonn teachtaireacht téacs ach €0.11 anois.

Sa deireadh, is úsáideach an t-eolas é nach gá cuimhneamh ach ar uimhir éigeandála amháin - 112 English pé áit ina mbíonn tú san AE. Is féidir glaoch uirthi saor in aisce ó aon tír AE is ó gach saghas fóin, socair nó póca.

Breis faoi thaisteal san Eoraip

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links