Cosán nascleanúna

Ní raibh saoire san Eoraip riamh chomh simplí - 04/08/2008

Daoine ar thrá ghrianmhar

Ag dul ar saoire san Eoraip an samhradh seo?  Is fusa i bhfad seachtain ghréine is fámaireachta  anois.

Agus deireadh curtha anois le seiceáil ag an teorainn idir fhormhór na 27 Ballstát AE,  comhairgeadra български?eštinadanskDeutscheesti keelΕλληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvi? kalbamagyarMaltipolskiportuguêsRomânasloven?inaslovenš?inasuomisvenska  i gcuid mhaith acu agus ceadúnais tiomána bailí ar fud na hEorpa, tá taisteal san Eoraip български?eštinadanskDeutscheesti keelΕλληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvi? kalbamagyarMaltiportuguêspolskiRomânasloven?inaslovenš?inasuomisvenska  éirithe i bhfad níos fusa le blianta beaga anuas. 

Bíodh do thriall ar thránna, ar shléibhte nó ar chathracha stairiúla na hEorpa, is dócha gur lú a chosnóidh do thicéad freisin, ón uair a chuir reachtaíocht na 1990-aidí deireadh le monaplachtaí aerlínte is dlús leis an iomaíocht.  Agus mar phaisinéir, tá cearta faoi dhlí an AE agat anois má chealaítear d’eitilt, nó má chuirtear moill uirthi, nó nuair a chailltear nó a dhéantar dochar do do bhagáiste English.

Ní gá feasta builcín seiceanna taistealaí nó d’airgead tirim a thabhairt timpeall leat is tú ar saoire san Eoraip.  Thairis sin, má tá cónaí ort i dtír euro, ní hairde na táillí chun airgead a aistarraingt nó chun íoc trí chárta  DeutschEnglishfrançais ná sa bhaile. 

Laghdaigh an costas chun fanacht i dteagmháil le teaghlach nó le cairde nuair a gearradh na táillí fón póca ar ghlaonna ón iasacht anuraidh.  Tá an costas téacsála chun ísliú freisin. 

Má tá fút tú féin a ghearradh amach go hiomlán ón saol mór, tig leat é sin a dhéanamh leis an eolas go gcuirfidh uimhir amháin – 112 English – i dteagmháil leis na seirbhísí éigeandála thú pé áit san AE ina mbeidh tú.  Agus do lá na coise tinne, tá gach saoránach AE i dteideal cúraim sláinte saor in aisce agus iad ar saoire in aon cheann de na 27 Ballstát AE. 

A bhuí le pas na bpeataí български?eštinadanskDeutscheesti keelΕλληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvi? kalbamagyarMaltipolskiportuguêsRomânasloven?inaslovenš?inasuomisvenska nua, tig leat Bran nó Puisín a thabhairt chun na trá leat!

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links