Cosán nascleanúna

Bóithre níos sábháilte chugainn - 19/03/2008

Daoine óga ag taisteal i gcabriolet

Ní ghlacfar le tiomáint chontúirteach thar lear níos mó

Tarlaíonn trí cheathrú na mbásanna bóthair de dheasca na tiomána ar róluas, na tiomána faoi ól, gan stopadh ag soilse dearga nó gan crios sábhála a chaitheamh. Mar atá cúrsaí faoi láthair, má dhéanann tú aon cheann díobh seo lasmuigh de do thír féin, rachaidh tú gan phíonós, fiú má mharaíonn tú duine.  Tá athrú le teacht air seo.

Tá faoin  Tionscnamh nua AE do shábháilteacht ar bhóithre an tiománaí a dhéanamh freagrach as a iompar tiomána trí chreatlach nua dlí lena dtacóidh líonra do mhalartú sonraí chun teacht ar thiománaithe ciontacha. 

Tá an tAE ar iarraidh líon na mbásanna bóthair a laghdú 50% faoi 2010 ó 2001, nuair a maraíodh 54,000 duine ar bhóithre na hEorpa.  In ainneoin an dul chun cinn atá déanta, maraíodh 43,000 anuraidh – is ionann sin agus 5 thionóisc eitleán san Eoraip gach seachtain.

Tionchar teoranta a bhí leis na bearta a cuireadh i gcrích go dtí seo.  I 2003 thug an Coimisiún isteach roinnt cleachtaí is fearr toildheonacha chun faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na rialacha tráchta.  Thaispeáin treochtaí ó shin nár thug roinnt treoirlínte na torthaí ba ghá. 

Tá súil go laghdóidh na tograí nua líon na mbásanna bóthair go fréamhaí. 

Ceisteanna is Freagraí

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links